about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Iten, Hans

click to view fullsize



Hans Iten, (1874-1930)

Péintéir bláthphictiúir agus tírdhreacha.

Rugadh i gcathair Zurich na hEilbhéise. Rinne sé staidéar ar an ealaín sa scoil ealaíne i Sankt Gallen. D'imigh sé chuig cathair Phárais iar sin agus chaith tamall ag obair inti. Shnaidhm sé caradas ansin le Pierre Montezin (1874-1946), péintéir a chleacht stíl an Impriseanachais.

Tairgeadh post mar dearthóir damaisc i mBéal Feirste do Hans sa bhliain 1904 leis an gcomhlacht McCrum, Watson agus Mercer. Phéinteáil sé tírdhreacha i gcontaetha Aontroma agus an Dúin go mór mór maille lena lán bláthphictiúir a bhain cáil amach dó.

Bhíodh John páirteach in imeachtaí agus taispeántais na gcumainn éagsúla ealaín i mBéal Feirste ar nós an Belfast Art Society agus an Ulster Arts Club. Bhí pictiúir dá chuid i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy na bliana 1908 den chéad uair agus uaidh sin amach go bliain a bháis. Thaispeáin Hans, nó John mar a thugtaí air chomh maith, a phictiúir i Learpholl, Glaschú, Londain agus an Royal Academy i Londain chomh maith. Thaispeáin sé saothair i bPáras sa bhliain 1926 agus thuill onóracha.

Thug sé turasanna rialta ar ais ar an Eilbhéis agus phéinteáil tírdhreacha ann. Bhí meas oifigiúil air i dTuaisceart Éireann agus toghadh ina bhall den Ulster Academy of Arts nuair a rinneadh den Belfast Art Society sa bhliain 1930, bliain a bháis. Bhí sé ag tabhairt cuairt agus é ag casaoid ar a thír dhúchais sa bhliain sin agus fuair bás lena linn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint