about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ivory, Thomas

click to view fullsize



Thomas Ivory, (1732-86)

Ailtire NuaChlasaiceach, oide tábhachtach agus an chéad mháistir i Scoil Ailtireachta an Dublin Society.

Rugadh i gCorcaigh é agus maítear gur oileadh mar shiúinéar é. Ní mór cuimhneamh áfach gur chiallaigh carpenter ailtire chomh maith i mBéarla a linne. Dhear sé droichead thar an abhainn ag Lios Mór i gContae Phort Láirge sa bhliain 1775. Bhain sé cáil amach dó féin mar línitheoir agus ceapadh é ina chéad mháistir ar Scoil Ailtireachta an Dublin Society sa bhliain 1769, post a choinnigh sé go dtína bhás sa bhliain 1768. Bhí post eile aige chomh maith bhí sé ina shuirbhéir ar fhoirgnimh na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is é Scoil na gCasóg Gorm (Cumann na nDlíodóirí anois i mbaile Atha Cliath an foirgnimh is tábhachtaí a dhear sé. Tá seo leagtha amach de réir phlean theach tuaithe Pálláideach. Tógadh seo idir na blianta 1773 agus 1780. Tá bloc láir aige le sciatháin ar gach taobh de.

Dhear sé Banc an Tiarna Newcomen i Sráid an Chaisleáin i mBaile Átha Cliath chomh maith sa bhliain 1781 agus Teach Tuaithe Kilcarty i gContae na Mí. Bhí James Hoban an t-ailtire a dhear an Teach Bán i Washington ina phrintíseach aige.

Saoithiúil go leor bhí ailtire eile den ainm céanna leis i Sasana ag obair i Norwich, fear nach raibh gaolta leis agus b’shin Thomas Ivory (1709-79).

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint