about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Jellet, Mainie

click to view fullsize



Mainie Jellet, (1897-1944)

Péintéir teibí avant-garde a chleacht an Impriseanachas ar dtús, ach, a tháinig faoi thionchar an Chiúbachais ina dhiaidh sin agus a rinne tréaniarrachtaí nua-aoiseachas na Fraince a chur chun tosaigh sa tír ina saol gairid.

B'iníon í Mary Harriet Jellett, chun a hainm iomlán a thabhairt di, do William Morgan Jellett feisire Aondachtach pairliminte i Westminster a toghadh ar son Choláiste na Tríonóide. Tugadh oideachas príobháideach di sa bhaile agus fuair sí teagasc sa phéintéireacht ó Elizabeth Yeats (1868-1940), (deirfiúr John B agus William B.), Sarah Cecilia Harrison (1863-1941) agus May Manning (d'éag 1930). Spreag seo í chun tabhairt faoi na healaíona.

In aois a sé bhliana d'éag d'aois di d'imigh sí don Bhriotáin ar thuras péintéireachta sa bhliain 1913. Bhí Norman Garstin (1847-1926) mar theagascóir air.

Thosaigh sí ag freastail ar ranganna san Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath an bhliain dar gcionn. Bhí an-ghealladh uirthi agus bronnadh scoláireacht uirthi. D'aistrigh sí sa bhliain 1917 le linn an Chéad Chogadh Domhanda chuig Londain chun staidéar a dhéanamh san Westminster Art School. Bhí Walter Sickert (1860-1942) mar theagascóir aici i Londain agus fuair sí oiliúint measartha acadúlach uaidh. Ba le linn di bheith ar an scoil sin a bhuail sí le Evie Hone (1894-1955) nuair d’fhreastail sí ar an scoil chéanna. D’éirigh dlúthchairdeas idir an bheirt a mhair ar feadh a saoil. Roinn siad na tuairimí agus spéiseanna céanna agus rinne turasanna agus staidéar thar lear le chéile.

Bhí tírdhreacha agus portráidí ó láimh Jellett ar crochadh i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy idir na blianta 1918 agus 1921. (Ghlac sí páirt iontu arís sna blianta idir 1930 agus 1937). Thug jellett turas thar lear ar an Spáinn sa bhliain 1920 agus lean ar aghaidh chuig Páras ina dhiaidh sin chun staidéar a dhéanamh san Académie Montparnasse. Ba le André Lhote (1885-1962), péintéir agus teagascóir clúiteach ar an eite acadúlach den Chiúbachas, an Académie seo.

Chláraigh Evie Hone le Lhote chomh maith ar chomhairle Bernard Meninsky (1891-1950) i Londain agus chuaigh an bheirt chara i mbun oibre agus staidéar le chéile. Tháinig athrú mór ar stíl Jellett agus rinneadh dilseánach den nua-aoiseachas di. Ní dheachaigh tuairimí agus teagasc Lhote fada go leor di áfach. D’fhill sise agus Evie Hone ar Pháras sa bhliain 1921 ach roghnaigh siad Albert Gleizes (1881-1953) mar theagascóir an babhta seo. Bhí siadsan i dteannta an phéintéara Robert Pouyard ar na chéad daltaí a bhí aige riamh.

Gach bhliain ar feadh deich mbliain thagadh an bheirt chara ar ais chuig Páras agus rinne staidéar agus ghlac páirt i saol na healaíne ansin. Bhí pictiúir ar crochadh ag an mbeirt i dtaispeántas na bliana 1923 de chuid an Salon des Indépendants. Chomh maith leis sin bhí an bheirt ar an mbuíon ealaíontóirí a bhunaigh an bhuíon Abstraction-Création sa bhliain 1931. Foilsíodh pictiúir dá cuid in Abstraction-Creation irise na buíne.

Tháispeáin Jellett a pictiúr Decoration (Bhíodh Decoration coitianta i dteideal pictiúir ag an am chun a chur in iúl don bhreathnóir nach macasamhlú a bhí i gceist.) i dtaispeántas an Society of Dublin Painters sa bhliain 1923; pictiúr a mhaítear ar a shon go minic go raibh sé ar an gcéad phictiúr teibí a bhí déanta agus crochta in Éirinn ag ealaíontóir ar bith de chuid na tíre. Rinne na léirmheastóirí ionsaí fíochmhar ar an saothar ach bhí Jellett in ann a saothar agus an nua-aoiseachas a chosaint agus thugadh sí a lán léachtanna á ndéanamh sin.

Bhí aithne uirthi thar lear agus ghlac sí páirt i dtaispeántais in Amsterdam, Brussels, Londain, Páras agus Versailles. D’éirigh go maith léi ina feachtas agus fuair a pictiúr Ómós do Fra Angelico dea-mholadh ó na léirmheastóirí sa bhliain 1928. Portráidí agus tírdhreacha a bhí mar théamaí ag Jellett i dtús a gníomhréime.

Críostaí tiomanta a bhí inti agus chleacht sí téamaí Bíobalta agus creidimh faoi léiriú teibí chomh maith sa chuid eile dá gníomhréime, ón mbliain 1923 ar aghaidh go mór mór. Chleacht sí cruthanna agus dathanna cláracha agus bhain sí feidhm as cáilíochta dathanna fuara agus teo chun doimhneas a chruthú. Níor chleacht sí neamhoibiachtúlacht agus bhí a fíortha inaitheanta cé go raibh siad íoslaghdaithe.

Thug an Rialtas coimisiún di páilliún na hÉireann in Aonach Glaschú na bliana 1938 a mhaisiú. Taobh amuigh de sin rinne sí dearthaí don stáitse agus don Bhailé. Bhunaigh sí an Irish Exhibition of Living Art a bhliain 1943 in éineacht le Evie Hone, Louis Le Brocquy (1916-), Norah McGuinness (1901-80) agus Jack P. Hanlon (1913-1968) agus daoine eile. Bhí sí tinn ag an am ach toghadh mar chathaoirleach í ar an dtaispeántas. Cailleadh í roimh chéad taispeántas na buíne ar an drochuair.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint