about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Jervas, Charles

click to view fullsize



Charles Jervas, (1675-1739)

Rugadh an portráidí agus aistritheoir Charles Jervas gar do Shuí an Róin i gCo. Uíbh Fhaillí ar eastát a fuair a thuismitheoirí John agus Elizabeth Jervas ann sa bhliain 1666. Bhí spéis ag Charles óg sa phéintéireacht agus d’fhreastail sé ar acadamh Sir Godfrey Kneller (1646-1723), Príomhphéintéir an Rí, i Londain idir na blianta 1694 agus 1695. Rinneadh cúntóir Kneller de Jervas ar ball cé nár shíl Kneller go raibh sé ró-iontach mar línitheoir.

Bhí cáil an dea-áidh ar Jervas i gcónaí agus ina dhiaidh sin fuair sé pátrún i gCúirt an Rí. Le cabhair ó Norris a phátrún bhí Jervas in ann cóipeanna de chartúin Raphael a bhí á gcaomhnú i gCúirt Hampton Court a dhéanamh. Rinne sé slám airgid astu seo. D’imigh Jervas ar an Grand Tour don Iodáil ina dhiaidh sin agus chuir faoi ann ar feadh deich mbliain. Rinne sé cóipeanna de shaothair na máistrí thall agus dhíol iad nuair a d’fhill sé ar Shasana sa bhliain 1709. Chleacht sé portráidí mar shlí bheatha ansin agus bhí aghaidh an phobail air.

D’fhan an t-ádh leis agus phós sé baintreach shaibhir agus d’imigh chun cónaithe i Hampton. Bhí tarraingt ag aos liteartha Shasana ar a theach ansin agus mhol scríbhneoirí ar nós Addison, Jonathan Swift agus Pope é, rud a choinnigh i mbéal an phobail é. Tuairiscítear gur thug sé ceachtanna ansin sa phéintéireacht do Pope. Nuair a fuair a seanoide Kneller bás sa bhlain 1723 fuair Jervas a phost siúd mar phríomhphéintéir Rí George I. Bhí sé ina phríomhphéintéir ag George II ina dhiaidh sin.

Tá a fhios gur thug sé trí thuras ar ais ar Éirinn idir na blianta 1715 agus 1734 agus gur phéinteáil sé portráid Jonathan Swift (c. 1718, National Portrait Gallery, Londain), Speaker Connolly agus Thomas Parnell lena linn. Rinne sé na portráidí de Stella agus de Vanessa atá anois sa Ghailearaí Náisiúnta chomh maith. Ní raibh a chuid taistil teoranta d’Éirinn áfach. Seoladh chun na hIodáile chun pictiúir a cheannach don Rí sa bhliain 1738 agus ar mhaithe lena shláinte.

Le cabhair óna chairde san aos liteartha rinne Jervas Don Quixote de La Mancha le Miguel de Cervantes a aistriú go Béarla. Cuireadh moill ar fhoilsiú an leabhair agus níor tháinig sé amach go dtí an bhliain 1742 nuair a bhí Jervas marbh. Bhain a aistriúchán stádas clasaice amach a mhair i gcló go dtí deireadh an naoú céad déag. Bhí cáil ar Jervas mar bhailitheoir chomh maith agus rinneadh 2265 píosa dá bhailiúchán nuair a díoladh seo tar éis a bháis.

An Pictiúr: 1720 Portráid de bhean uasal, Charles Jervas, Gailearaí Náisiúnta, Baile Átha Cliath

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint