about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Johnston, Francis

click to view fullsize



Johnston, Francis (1760-1829)

Ailtire a chleacht an Stíl Nua-Chlasaiceach agus an stíl NuaGhotach araon a chuimhnítear air as Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath a dhearadh go mór mór.

Ailtire a bhí ina athair féin agus rugadh in Ard Mhacha é. Rinne an t-Ardeaspag Richard Robinson, 1ú Barún Rokeby (1709-94, Rokeby i Yorkshire Shasana a bhaile dhúchais) de chuid Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha pátrúnacht air agus sheol go Baile Átha Cliath é sa bhliain 1788. Rinne sé staidéar ansin ar an ailtireacht in oifigí an ailtire Thomas Cooley (1740-84). Bhí Cooley tar éis foirgnimh éagsúla dhearadh don Ardeaspag in Ard Mhacha agus bhí ina thuilleamaí.

Nuair a bhí a thréimhse cheithre bhliana istigh ansin d’imigh Francis ag obair don ailtire Samuel Sproule a bhí ina chol ceathrar aige. D’iarr an t-Ardeaspag Robinson ar Francis filleadh ar Uladh tar éis do Thomas Cooley bás a fháil agus a choimisiúin neamhchríochnaithe a thabhairt anonn, rud a rinne sé. Bhí Rokeby Hall agus Eaglais Baile Mhic Cionnaith ar na tionscnaimh is tábhachtaí díobh seo dó. Bhí Francis gnóthach le coimisiúin an Ardeaspaig agus cliaint shaibhre eile agus choinnigh sé oifigí i gCo Lú ar feadh deich mbliain.

D’imigh sé go Baile Átha Cliath timpeall na bliana 1793. Dhear sé Townley Hall gar do Dhroichead Átha sa tréimhse idir na blianta 1794 agus 1798. Ceapadh mar ailtire le hOifig na nOibreacha Poiblí é sa bhliain 1805. Bhí sé freagrach as an Séipéal Ríoga i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Eiseamláir de Nuaghotachas luath atá ann. Dhear sé eiseamláir eile den Nuaghotachas; Charleville Castle i gCo. Uíbh Fhailí agus chuaigh seo i bhfeidhm ar dhaoine shaibhre na tíre agus tógadh cailsleáin Nuaghotacha ar fud na tíre in aithris air. Dhear sé Séipéal San Seoirse i bPlás Hardwicke i mBaile Átha Cliath.

Rinne sé na dearthaí ag athrú Tithe na Pairliminte go Banc na hÉireann. Bhí sé freagrach as athdhearadh Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu). Dhear sé Ardoifig an Phoist mar chuid de seo agus shnoigh Edward Smyth (1749-1812) na dealbha peidiméide de Mhearcair, de Hibernia agus de Fidelia (1815-18) dó.

Bhí sé ina ailtire comhairleach ar Cholún Nelson idir na blianta 1808 agus 1809 agus dhear sé Príosún Richmond sa bhliain 1813.

Bhí sé gníomhach i mbunú an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1823 agus toghadh ina uachtarán air é sa bhliain 1824 agus d’fhan sa phost go bhfuair sé bás. Dhear sé ceannáras don acadaimh i Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath agus d’íoc as as a sparán féin. D’fhan seo mar ceannáras acu go dtí gur scrios na Sasanaigh é le linn Éirí Amach 1916.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint