about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Jones, Thomas Alfred

click to view fullsize



Thomas Alfred Jones (1823-93)

Portráidí bisiúil rathúil in oladhath i leath deiridh an naoú céad déag ag bhíodh ag obair i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Rinne sé roinnt saothair seánra in uiscedhath chomh maith.

Dílleachta a bhí i Thomas Alfred agus thóg teaghlach darb ainm Archdale é i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Is cosúil gur léirigh sé luí leis an ealaín agus é go hóg nó cuireadh ar Scoileanna an Royal Dublin Society sa bhliain 1833.

Chuir sé pictiúr agus Macbeth ó dhráma William Shakespeare mar théama aige chuig an Royal Academy i Londain agus glacadh leis dá thaispeántas bliantúil sa bhliain 1841. Ní raibh sé ag dul don phéintéireacht go lán-aimseartha áfach agus d'fhreastail Alfred ar Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1842 ach níor sheas sé don chéim.

Thaistil sé ar an mór-roinn iar sin agus luigh leis an bpéintéireacht i ndáiríre nuair a d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath trí bhliana ina dhiaidh sin. Thosaigh sé ag taispeáint leis an Royal Hibernian Academy. Líníochtaí agus uiscedhath is mó a chleacht sé ar dtús. D'éirigh sé ina phortráidí rathúil faiseanta in oladhath ar ball toisc go raibh sé de bhua aige bheith in ann cosúlachtaí maithe a dhéanamh. Bhí seo chomh rathúil sin go raibh sé in ann an dara stiúideo a choinneáil oscailte i mBéal Feirste. Toghadh ina Uachtarán ar an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1860 tar éis bháis Catterson-Smith agus bronnadh céim ridireachta air. Tuairiscítear gur uachtarán éifeachtach a bhí ann.

Toghadh ina bhall oinigh den Belfast Ramblers Club nuair a cuireadh sin ar bun sa bhliain 1879. Ní raibh a shláinte ró-mhaith i ndeireadh a shaoil agus fuair se bás ina theach féin ar Bhóthar Morehampton i mBaile Átha Cliath. Tá sé curtha i reilig Chnoc Iaróim i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint