about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Joy, George William

click to view fullsize



George William Joy (1844-1925)

Rugadh an péintéir radharcanna seánra, scéaltacha agus fáitchiallacha agus portráidí George William Joy i mBaile Átha Cliath de theaghlach a bhí de shliocht Ugóineach a chuir fúthu i gceantar Phort an Dúnáin.

Dochtúir a bhí ina athair agus dealbhóir a bhí ina dheartháir Albert Bruce Joy (1842-1924). Fuair George a scolaíocht i Sasana áit a raibh a athair ag obair. Thug George cuairt ar an bhFrainc nuair a bhí sé ina stócach agus chuaigh an tír sin agus saol na n-ealaíon go mór i bhfeidhm air.

Chuaigh George go Londain áfach i dtosach sa bhliain 1863 agus rinne staidéar ag an South Kensington School of Art, áit ar bhain sé roinnt duaiseanna as a shaothar. D’fhreastail sé ar scoileanna an Royal Academy ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1868 chuaigh sé go Páras chum an dlaoi mullaigh a chur ar a oiliúint mar phéintéir. Rinne sé staidéar ansin faoi Charles-Francois Jalabert (1819-1901) agus Léon Bonnat (1833-1922). Dhá bhliain a chaith sé ann.

D’fhill George ar Londain ina dhiaidh sin. Ghlac sé páirt go rialta i dtaispeántais an Royal Academy idir na blianta 1872 agus 1914. Tháispeáin sé a shaothar ina lán áiteanna eile agus leis an Royal Hibernian Academy idir na blianta 1876 agus 1905 chomh maith. Ghlac sé páirt measartha rialta chomh maith i dtaispeántais an tSalóin i bPáras idir na blianta 1880 agus 1904.

Tírghráthóir Sasanach a bhí ann agus phléigh sé le téamaí impiriúlacha a ina shaothar. Is iad General Gordon's Last Stand (1885, Museum of London) agus The Bayswayer Omnibus (1895) na pictiúir is mó cáil óna láimh. Foilsíodh dírbheathaisnéis dá chuid The Works of George William Joy sa bhliain 1904.

Fuair sé bás in Purbury Hants, i Sasana ach tá sé curtha i bPort an Dúnáin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint