about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Jugendstil

click to view fullsize

An leagan Gearmánach den Art Nouveau a chiallaíonn stíl na n-óg. Tógadh an t-ainm ó ainm an tréimhseacháin Jugend a céadfoilsíodh i 1896 in München na Gearmáine. Georg Hirth (1841-1916) a bhí taobh thiar den iris. Is ábhar iontais é i gcónaí go raibh ráchairt ar an Art Nouveau i München, cathair a raibh teist na coimeádachta amuigh air.

Iris bheag a bhí ann. Is iondúil go mbíodh 20 leathanach ann. Bhí sé fadsaolach go leor d’ainneoin sin agus mhair ó 1896 go dtí 1940. Altanna agus léaráidí ar chúrsaí faisin ar fud na hEorpa, fógraí ollásacha agus ábhar grinn is mó a bhí san iris.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint