about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Kavanagh, Joseph Malachy

click to view fullsize



Joseph Malachy Kavanagh, (1856-1918)

Péintéir, greanadóir agus maisitheoir a shamhlaítear le tírdhreacha agus radharcanna tuaithe de chuid na hÉireann, na Fraince agus na hÍsiltíre.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Níl a lán dá shaothar ar marthain anois toisc gur scriosadh é le linn Éirí Amach na Cásca. Ceapadh é sa bhliain 1910 mar choimeádaí ar an Royal Hibernian Academy agus bhí sé ina chónaí in áras an acadaimh a bhí i Sráid na Mainistreach i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí a lán dá shaothar stóráilte aige ina sheomraí ach scriosadh seo agus áras an acadaimh nuair a bhí gunnaí móra Shasana agus an HMS Helga ag pleancadh lár na cathrach. D’éalaigh sé lena bheatha ach fear briste a bhí ann feasta.

Ghlac Kavanagh páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1875 ar aghaidh. Bhuaigh sé scoláireacht Albert de chuid an acadaimh sa bhliain 1881 agus d’imigh i dteannta a chairde na péintéirí Nathaniel Hill (1861-1934) agus Walter Frederick Osborne (1859-1903) chun Antwerp sa bhliain 1881 chun staidéar a dhéanamh ag an Académie Royale sa chathair sin.

D’fhill Kavanagh agus a chairde arís ar Antwerp don tréimhse teagaisc 1882-83 chun tuilleadh staidéar a dhéanamh faoi Karel Verlat (1824-90). Bhí ardspéis ag Verlat san eitseáil agus thóg Kavanagh seo uaidh agus rinne tírdhreacha agus bailedhreacha de chuid na Beilge agus na Fraince a eitseáil. Thug sé taitneamh ar leith do ghnéithe ailtiriúla.

Léiríonn a shaothar tionchar Scoil na hÍsiltíre maille lena scáthanna dorcha. Níor réitigh an phéintéireacht plein-air leis ach oiread agus b’fhearr leis i gcónaí obair ó sceitsí. Chuaigh Kavanagh ar aghaidh ó Antwerp chun na Briotáine agus bhí ag obair i gcuideachta Osborne ansin. Thaitin seo chomh mór sin leis gur fhill sé ar an mBriotáin gach bhliain go dtí an bhliain 1886 ar thurasanna péintéireachta.

D’fhreastail Kavanagh ar an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1887 agus 1888. Chuir sé faoi i gCluain Tarbh agus rinne go leor pictiúir de radharcanna den cheantar chois fharraige agus tuaithe máguaird. Ghlac Kavanagh páirt sa taispeántas tábhachtach an Exhibition of Works by Irish Painters a d’eagraigh Hugh Lane i Londain sa bhliain 1904.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint