about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Kernoff, Harry

click to view fullsize



Aaron (Harry) Kernoff, (1900-74)

Péintéir portráidí agus greanadóir a rinne speisialtacht de radharcanna agus de charactairí Bhaile Átha Cliath. Rinne Aaron nó Harry mar a tugadh air de ghnáth a chuid pictiúr in oladhathanna agus i bpastail agus tréithríonn stíl chiumaischrua shoiléir a shaothar. Bhí anáil an primitíbheachis ar ashaothar.

Rugadh Harry i Londain áit a raibh a athair ina inimirceach Giúdach ó Vitebsk sa Rúis. Giúdach ón Spáinn a bhí ina mháthair. Caibinéidire a bhí ina athair agus bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath sa bhliain 1914. D’fhreastail Harry ar ranganna oíche sa Dublin Metropolitan School of Art agus é ina phrintíseach ag a athair. Bhuaigh sé an Sparántacht Taylor lena linn seo sa bhliain 1923 agus chuaigh ag staidéar ar bhonn lánaimseartha sa scoil ealaíne. D'imir a oidí ansin Seán Keating (1889-1977) agus Patrick Tuohy (1894-1930) tionchar ar leith air.

Thaistil sé chuig Párais agus mhair ann ar feadh cúpla bliain nuair a bhí a sheal ar an scoil istigh agus chuir eolas ar na gluaiseachtaí ealaíne a bhí ag borradh thall.

Ar ais in Éirinn thaispeáin sé a shaothar i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1926 den chéad uair agus lean ag taispeáint leo gach bliain beagnach go bhfuair sé bás. Níor chaill sé ach dhá bhliain, na blianta a bhí cuairt á thabhairt aige ar an Rúis (Chreid Harry sa Chumannachas) agus ar Pháras arís. Rinneadh fo-bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1935 agus ball de níos moille anonn sa bhliain chéanna. Phéinteáil sé radharcra stáitse chomh maith.

Bhí taispeántas aonair aig Harry sa Victor Waddington Galleries sa bhliain 1936 agus ceann eile sa bhliain 1937. Bronnadh coimisiúin ar a chara Maurice MacGonigal (1900-79) chun múrphictiúr mór a phéinteáil do pháilliúin na hÉireann ag an Aonach Domhanda i Nua Eabhrac sa bhliain 1939. Chabhraigh Harry le Maurice chun an tionscnamh a chur i gcrích.

Thosaigh sé ag déanamh adhmadghearrthaí sa bhliain 1942 agus d'fhoilsigh trí díolaim díobh ar fad ina ghníomhréim. Péintéir bisiúil portráidí in oladhath agus i bpastail a bhí ann agus bhí portráidí Sean O’Casey, Austin Clark, Jimmy O'Dea agus Brendan Behan orthu siúd a phéinteáil sé. Thug Harry cuairt ar Alba Nua i gCeanada sa bhliain 1957 agus ghlac páirt i dtaispeántas ansin.

Bronnadh ballraíocht san United Art’s Club i mBaile Átha Cliath air mar onóir sa bhliain 1974, bliain a bháis. Tá sé curtha ar an gCarnán i mBaile Átha Cliath.

An Pictiúr: Trá Chill Iníon Léinín, uiscedhath, Harry Kernoff

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint