about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Laidineach

click to view fullsize

Crois Laidineach

Crois a mbíonn an stoc ingearach níos faide ná an ghéag cothrománach aici. Bíonn an trasnán níos mó ná leathbhealach suas an stoc.

Crois chaithréime a bhí ann i dtosach agus sheas sí do bhua Chríost ar an mbás agus bua an Respublica Christiana, an Impireacht Chríostaí Rómhánach. Leagan ardmhaisithe faoi sheoda den Chrois Laidineach a bhí sa crux gemmata. Tugtar crux gemmata chomh maith ar chrosa ar nós crosa na hÉireann a fhaightear ar chroisleaca nó ar lámhscríbhinní maisithe.

Ní raibh sé de nós crosa a chur ina seasamh ar altóir san Iarthar ach ón aonú céad déag ar aghaidh. Thosaigh an nós níos luaithe in Impireacht na mBiosántach, thart ar an naoú céad A.D.

Seasann an Chrois Laidineach don Eaglais faoi scáth na Róimhe anois.

Pictiúr : Crois Laidineach ardmhaisithe ó Lámhscríbhinn Merovingeach .

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint