about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Lamb, Charles

click to view fullsize



Charles Lamb (1893-1964)

Péintéir bisiúil a chleacht tírdhreacha, portráidí agus radharcanna seánra , a lán acu i bhformáidí beaga.

Rugadh agus tógadh Charles Vincent, chun a ainm iomlán a thabhairt dó, i bPort an Dúnáin i gCo. Ard Mhacha. Péintéir tí a bhí ina athair agus d’obair Charles mar phrintíseach dó i dtús a shaoil oibre.

D’fhreastail sé ar ranganna oíche sa phéintéireacht agus sa líníocht ón mbeo sa Scoil Ealaíne i mBéal Feirste nuair a bhí sé fós ina phrintíseach. Chruthaigh sé chomh maith sin ar na ranganna gur bronnadh scoláireacht air sa bhliain 1917 ar son an Metropolitan School of Art i mBaile átha Cliath. Chríochnaigh an cúrsa sa bhliain 1921. Bhí Seán Keating (1889-1977), Patrick Touhy (1894-1930), Margaret Clarke (1888-1961) agus James Sleator (1885-1915) mar oidí aige agus tháinig sé faoina anáil.

Ghlac sé páirt le linn dó bheith ina mhac léinn i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1919, an bhliain chéanna a thug sé a chéad chuairt ar Chonamara. A chara Pádraic Ó Conaire an scríbhneoir a chuaigh i gcionn air an chuairt seo a dhéanamh. Chonaic sé an ceantar ar mhuin capaill agus chuaigh sé agus muintir na háite i bhfeidhm go mór air. Rinne sé roinnt de na saothair is fearr aithne óna láimh nuair a bhí sé fós ina mhac léinn. Ag rinnce ag Crosaire Thuaidh (Gailearaí Náisiúnta) agus Iascaire de chuid Loch nEachach (Músaem Uladh) mar shampla.

Chuir Charles faoi ar an mBóthar Buí ar ar an gCeathrú Rua sa bhliain 1922. Bhí a chéad taispeántas aonair aige i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1923, taispeántas ar éirigh go maith leis. Ba ghnáth leis ina dhiaidh sin taispeántais aonair a reáchtáil gach bhliain beagnach. Bhain sé cáil amach dó féin mar phéintéir tírdhreacha agus rinne go leor turasanna ag péintéáil.

Thaistil sé don Bhriotáin sa bhliain 1926-7 agus thug sé cuairt ar na hOileáin Árainn sa bhliain 1928. Bhí taispeántas aige i Nua Eabhrach sa bhliain 1929. Chuir sé cúrsa péintéireachta ar bun sa bhliain 1936 ar an gCeathrú Rua. Bhí sé féin mar theagascóir ann agus péintéireacht plein-air a bhí i gceist. Bhí sé sa Ghearmáin sna blianta 1938-9.

Toghadh é mar bhall den Ulster Academy of Arts sa bhliain 1930 agus mar bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1938. Bhí taispeántas aige i bPort an Dúnáin a bhaile dúchais agus i mBéal Feirste sa bhliain 1941. Chaith sé seal ag péinteáil lena linn seo, thart ar Ros Treabhair go mór mór.

Rinne Charles agus a bhean Kathryn gach iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim agus an chlann a thógáil léi agus páirt a ghlacadh i saol na Gaeltachta timpeall orthu. Rinne Charles na léaráidí don leabhar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh sa bhliain 1949. Ba sa tráth céanna seo a rinne sé sraith de phictiúir seánnra ina raibh saol na n-iascairí áitiúla mar théama iontu.

Fuair sé bás ina theach féin ar an gCeathrú Rua agus reáchtáileadh taispeántas aisbhreathnaitheach in ómós dó san Dublin City Gallery The Hugh Lane sa bhliain 1969.

An Pictiúr: An Cheathrú Rua

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint