about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Lascaux

click to view fullsize

Uaimheanna i gceantar an Dordogne sa Fhrainc a bhí ar an suíomh Palaeliotach is tábhachtaí san Eoraip go dtí go bhfuarthas in 1994 Uaimh nó Grotte Chauvet.

Tháinig ceathrar bhuachaill agus madra darbh ainm Robot ar phictiúir de thairbh, capaill, fianna etc. i 1940 ar bhallaí Uaimh Lascaux agus chuir in iúl don saol mór go raibh siad ann.

Baineann na pictiúir a fuarthas ann leis an ré Phalaeliotach (c. 20,000 R.Ch.) agus ba dhaoine den chine Chro-Magnon a rinne iad.

Thug an t-ealaíontóir Pablo Picasso cuairt ar an uaimh chun na na pictiúir a iniúchadh go gairid tar éis a bhfionnachtain. Ba léir go raibh sé corraithe ag a bhfaca sé. Tháinig sé amach ar ballchrith ag rá "nous n'avons rien découvert!" níl rud nua ar bith faighte amach againn. Thosaigh caonach liath ag fás ar na pictiúir tar éis ocailte dóibh de dheasca ardú taise de réir dealraimh agus dá bhrí sin dhún na húdaráis na huaimheanna i 1963 lena chaomhnú.

Capall ó bhalla Uamh Lascaux, an Fhrainc.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint