about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Latham, James

click to view fullsize



James Latham, (1696-1747)

Portráidí in oladhath a bhfuil a lán sonraí faoina shaol doiléir. Tuairimítear ó leideanna gur Phrotastúnach a bhí ann agus gur rugadh i nDúrlas Éile é. Is cosúil gur oileadh go hóg agus go háitiúl é sa phéintéireacht.

Maireann roinnt phortráidí luatha uaidh ar nós í sin de Christopher Butler (Ardeaspag Caitliceach Chaisil 1711-57).

Tá sé cinnte áfach go bhfuair sé oiliúint áirithe san acadamh in Antwerp na Beilge sa bhliain acadúil 1724-5. Meastar anuas ar sin ó fhianaise a shaothair gur chaith sé tamall san Fhrainc agus i Sasana sular fhill sé ar Éirinn. Chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath ansin.

Bhí sé ar an bpéintéir is mó cáil in Éirinn lena linn agus rinneadh Máistir den Guild of St. Luke de. Tugadh cairt don Ghild sa bhliain 1670. Maítear go bhfuil cúig phictiúir agus tríocha ar marthain uaidh cé go bhfuil an líon seo ag méadú i gcónaí agus is le Scoil Shasana is mó a shamhlaítear iad. Ní raibh sé de nós aige a phictiúir a shíniu agus bíonn taighde ag teastail chun iad a aithint. Sampla maith dá shaothar is ea a phortráid de Charles Tottenham MP, Tottenham ina bhuataisí(1731) atá sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint