about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Lavery, John

click to view fullsize



John Lavery, (1856-1941)

Péintéir céimiúil portráidí, pictiúir seánra, tírdhreacha agus ealaíontóir oifigiúil cogaidh de chuid na Breataine.

Mangaire fíona a bhí ina athair agus rugadh i mBéal Feirste é. Ar an drochuair fágadh Lavery agus a dheartháir ina ndíleachtaí nuair raibh Lavery ach trí bhliana d'aois. Bádh a athair ar a bhealach go Meiriceá chun tús a chur le saol úr. Tógadh John ina dhiaidh sin in áiteanna éagsúla in Uladh agus in Albain ag a dhaoine muinteartha.

Chuaigh sé i mbun oibre i dtosach mar chúntóir grianghrafadóra i gCathair Ghlaschú agus d'fhreastail ar ranganna oíche san Glasgow School of Art ó timpeall na bliana 1874 ar aghaidh. Chuir sé airgead an árachais ina phóca nuair a chuaigh an stiúideo beag a bhí aige trí thine agus d'imigh leis an bpéintéireacht scun scan. Chaith sé geimhreadh na bliana 1880/81 ag freastal ar Heatherley's School of Art i Londain, scoil a ndearna John Butler Yeats (1839-1922) staidéar ann roimhe sin.

D'imigh sé leis don Académie Julian i bPáras sa bhliain 1881. Bhí an mórphéintéir acadúlach agus ollamh san Académie des Beaux-Arts William-Adolphe Bouguereau (1825-1905) ag teagasc ann agus stiúideo aige ann chomh maith. Rinne Lavery staidéar faoina mhaoirseacht.

Chaith sé tamall de bhlianta ag péinteáil i gcoilíneacht ealaíne Grès-sur-Loing gar do Fontainebleu ag cleachtadh na péintéireachta plein-air faoi chomhairle Jules Bastien-Lepage (1848-1884). D'éirigh sé mór ansin le Frank O'Meara (1853-88) mínitheoir eile den phéintéireacht plein-air. Bhí John Lavery féin tugtha do phictiúir seánra de thuathánaigh sa tréimhse seo. An pictiúr Faoin gCrann Silíní, (1884; Musaem Uladh) mar shampla. Thug sé cuairt ar Maracó, an Iodáil, an Spáinn, an Ollainn agus ar nGearmáin ina dhiaidh sin sular fhill sé ar Albain sa bhliain 1884.

Rinne sé rogha den phortráidíocht agus de phictiúir den mheánaicme uaidh sin amach. Bhain sé aitheantas amach dó féin mar dhuine de na Glasgow Boys, scaifte beag péintéirí a chleacht meascán de Nádúrachas agus d'Impriseanachas den chéad uair in Albain.

Phós sé Annie Evans a bhí ina chuspa aige sa bhliain 1890. Bhí eitinn uirthi ar an drochuair agus fuair sí bás an bhliain dar gcionn. Níor fhan Lavery i nGlaschú i ndiaidh a báis áfach ach d'aistrigh go Londain.

Cé nach raibh deacrachtaí ag Lavery pictiúir a dhíol agus coimisiúin a fháil sa Bhreatain ba ar an Mór-roinn is mó a bhí aghaidh ar leith air. Thaispeáin sé a phictiúr An Chóisir Leadóige san Royal Academy i Londain sa bhliain 1886. Cheannaigh an Neue Pinakothek i München na Gearmáine é agus seoladh thart ar an Eoraip é mar chuid de thaispeántais éagsúla. Cheannaigh Sir James Murray an pictiúr sa bhliain 1926 agus bhronn ar an Aberdeen Art Gallery é.

Thaistil Lavery ar an mór-roinn agus thaispeáin sé pictiúir sna salóin ar fad. Cheannaigh an Louvre; Athair agus Iníon (1898; Musée. d'Orsay) agus Earrach (1904; Musée. d'Orsay). Bhí taispeántas aonair aige mar chuid de Biennale na Veinéise sa bhliain 1910, rud a léiríonn cé chomh mór agus a bhí a theist ar an mór-roinn.

Iarradh ar Lavery cuairt na Banríona Victoria ar an International Exhibition na bliana 1888 i nGlaschú a phéinteáil. (1888; Gailearaí Ealaíne Abar Dheathainn). Chuir seo a ainm i mbéal an phobail agus chinntigh raidhse coimisiúin dó mar phéintéir sóisialta sa Bhreatain, Mrs Fitzroy Bell (1894; Gailearaí ealaíne Ghlaschú) mar shampla.

Thug sé cuairt arís ar Grez-sur-Loing sa bhliain 1904 agus bhuail leis an Meiriceánach Hazel Martyn ann. Bean shaibhir de bhunadh Gael-Mheiriceánach a bhí inti. Phós sé í sa bhliain 1909 agus rinne a lán portráidí di, os cionn ceithre chéad díobh ina shaol.

Iarradh ar Lavery sa bhliain 1912 portráidí de rítheaghlach Shasana don National Portrait Gallery i London a phéinteáil. D'earcaigh War Propaganda Bureau na Breataine Lavery i dteannta William Orpen (1878-1931) sa bhliain 1917 agus bhí sé ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh don chuid eile den chogadh. Pictiúir de na hoifigigh ag an bhfronta an chloch is mó a bhí ar phaidrín an Bureau.

Gortaíodh Lavery i dtimpist ghluaisteáin le linn ruathar Zeppelin áfach agus ní raibh sé in ann dul don bhfronta. Phéinteáil sé Ospidéal i Londain sa tréimhse seo nuair a bhí bhí sé ag téarnamh. Chaith sé bunús an chogaidh sa Bhreatain cé go raibh sé in ann an deis a fháil taistil don Fhrainc ag péinteáil eitleáin, aerlonga agus báid chogaidh. Phéinteáil sé géilleadh Chabhlach na Gearmáine a tharla in Albain ag Ros Saoithe sa bhliain 1918. Bronnadh céim ridireachta air sa bhliain chéanna.

Mhúscail sé a spéis i gcúrsaí na hÉireann faoi thathaint óna bhean chéile. Deirtear gur fheidhmigh sé mar idirhabhálaí idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh nuair a bhí an an Conradh Angla-Éireannach á phlé i Londain. (1921; An Conradh Angla-Éireannach á Dhaingniú i dTeach na dTiarnaí, An Gailearaí Náisiúnta). Bhí sé cáirdiúil le Micheál Ó Coileáin agus phéinteáil é ina luí ar a chróchar i mBaile Átha Cliath, (1922; Dublin City Gallery The Hugh Lane). Baineadh feidhm as portráid Hazel Lavery ar nótaí Bainc na hÉireann.

Lean Lavery ar aghaigh lena shaol ag taistil agus ag péinteáil - George Bernard Shaw (1927; Dublin City Gallery The Hugh Lane) mar shampla - go dtí tús an dara Chogadh Domhanda. Bhronn sé cúig phictiúr agus tríocha dá shaothair ar Mhusaem Uladh agus bailiúchán de naoi bpictiúr agus fiche ar ghailearaí Hugh Lane.

Fuair a bhean bás sa bhliain 1935. Thriall sé Meiriceá ina dhiaidh sin cé nár éirigh go ró-iontach leis ann. Chuir sé faoi i gCill Chainnigh nuair a thosaigh an Cogadh agus d'fhoilsigh féinbheathaisnéis Life Of A Painter sa bhliain 1940. Fuair sé bás i gCill Chainnigh sa bhliain 1941.

An Pictiúr: An Rós Dearg (1923 John Lavery)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint