about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Lawless, Matthew James

click to view fullsize



Matthew James Lawless, (1837-64)

Maisitheoir agus péintéir tréitheach a rinne radharcanna staire agus pictiúir seánra. Bhí anghealladh faoi ach faraor fuair sé bás go hóg.

Rugadh James Mathews Lawless i mBaile Átha Cliath agus dlíodóir a bhí ina athair Barry Edward Lawless. Cuid den mheánaicme Caitliceach a bhí sa teaghlach a bhí ag dul i méid ag an am. D’imigh Barry Edward Lawless anonn go Londain lena theaghlach agus tógadh Matthew James leo ar ndóigh.

Cuireadh ar scoil thall é agus oileadh é ina dhiaidh sin san ealaín ar Scoil Langham i Londain. Thug Henry O'Neill (1798-1880) nár chaith ach tamall gairid i Sasana teagasc dó ansin ar feadh tamaill. Fuair sé teagasc ó na péintéirí Francis Stephen Cary (1808-80) agus James Mathews Leigh (1808-60) chomh maith.

Bhí an t-airgead mór ag an am sin roimh an fótagrafaíocht phraicticiúl i ndéanamh líníochtaí do nuachtáin agus d’irisí. Ar chomhairle a athar thug Matthew James faoi seo agus rinne líníochtaí do Punch agus London Society agus irisí eile. Chleacht sé péintéireacht phictiúir téamaí agus pictiúir scéaltacha chomh maith. Thaispeáin sé na pictiúir seo san Royal Academy idir na blianta 1858 agus 1863. Léiríonn a mhaireann dá chuid saothair anáil Bhráithreachas na Réamh-Rafaeilíteach ina luí le solas cothrom ar dromchla an chanbháis agus ina aire ar mhionshonraí.

Thug Matthew James cuairt ar Pháras sa bhliain 1860 agus chuir aithne ar phéintéirí ansin agus eolas ar a shaothar. Ní raibh sé ar fónamh sa tréimhse seo nó bhí eitinn air. Buaileadh go dona é sa bhliain 1863 agus fuair sé bás den ghalar seo i Londain an bhliain dar gcionn.

Níl a fhios cad a tharla dá lán dá phictiúir anois ach tá an pictiúr dá chuid atá sa Ghailearaí Náisiúnta ina shárshaothar agus sin An Glaoch Ola. Cheannaigh an Gailearaí Náisiúnta saothar eile dá chuid An Bhuíon Iascaireachta sa bhliain 2009.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint