about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Leon

click to view fullsize

Tá ráchairt ar an leon mar shamhailchomhartha ar an neart, ar an gcumhacht agus ar an dtiarnas ón tréimhse is luaithe. Tá ‘Geata na Leon’ mar geata do daingin Mhicéanae. Tagann an t-ainm ón dá leon atá snoite i gcloch os cionn an gheata agus baineann siad le tréimhse thart ar 1330 R.Ch. ré an fhile Hóiméar.

Mar shamhailchomhartha Críostaí seasann leon sciathánach don soiscéalaí Marcas. Naomhphátrún Chathair na Veinéise a bhí i Naomh Marcas dá bhrí sin rinneadh samhailchomhartha den leon sciathánach a sheas don chathair sin.

Tagairt d’údarás bhriathar Críost atá sa leon ach in áiteanna eile sa Bhíobla seasann an leon don olc agus don éigean. Sa chás seo cuirtear os comhair an uain é.

Léaráid : Rilíf de leon sciathánach mar shamhailchomhartha Chathair na Veinéise.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint