about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

London Group

click to view fullsize



London Group

Cumann taispeántais a bunaíodh sa bhliain 1913 agus atá gníomhach fós in iardheisceart Londain. Páirteach sa chumann nuair a bunaíodh é bhí baill an Camden Town Group agus baill den avant-garde a rachadh sa Chuilitheachas ar ball. Bhí H. Gilman ina chéad-uachtarán ar an gcumann agus bhí sé san oifig sin go dtí an bhliain 1919, bliain a bháis. Bhí David Bomberg, Jacob Epstein, Henri Gaudier-Brzeska agus Walter Sickert (1860-1942) agus eile ina mball de. Ghlac Mainie Jellett (1896-1943) iardhalta de chuid Sickert ón Westminster Art School i Londain páirt i dtaispeántais an chumainn sna 1920-idí.

Bhí Norah McGuiness (1903-80) bainteach leo sna 1930-idí go dtí an bhliain 1937 nuair a d’imigh sí go Meiriceá.

Cuireadh an cumann ar bun chun cur suas don New English Art club agus an Royal Academy chomh maith mar shíl bunaitheoirí an London Group go raibh siad-san éirithe comhghnásach acadúil, an gearán is coitianta sna míndána san fhichiú chéad. Ní raibh aon aontas stílíochta ag na healaíontóirí a bhí páirteacha ann ach chruthaigh sé ardán luachmhar dóibh uile.

Tá taispeántais an chumainn tábhachtach fós i Londain.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint