about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Luke, John

click to view fullsize



John Luke, (1906-75)

Péintéir radharcanna i dTeampara agus múrphictiúr.

Rugadh i mBéal Feirste é agus thosaigh sé amach sa saol ag obair mar bhuachaill sna longchlóis i dtosach agus i bpostanna eile sa chathair. Bhí spéis aige san ealaín agus thosaigh sé ag freastal sa bhliain 1923 ar ranganna oíche san Belfast Technical College. Chruthaigh sé go maith iontu agus bronnadh scoláireacht air chun bheith ag staidéar ag an Slade School of Art i Londain sa bhliain 1927. Bhuaigh sé duaiseanna eile sa scoil seo chomh maith, áit a raibh stiúideo aige i bpáirt leis an ndealbhóir ón Dhroichead na Banna F.E. McWilliam (1909-92).

Chuaigh John leis an bpéintéireacht d'aoncheird i Londain ar feadh tamaill ach d'fhill sé ar Bhéal Feirste sa bhliain 1931 agus lean ar aghaidh ansin. Bhí a shaothar i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sna blianta 1937, 1938 agus 1939. Ní bheadh a shaothar le feiceáil arís ann go dtí an bhliain 1950.

Chas John ar an bpéintéireacht Teampara agus d’fhorbair stíl shoiléir fíortha, rud a shamhlaítear leis anois. Rinneadh roinnt aer-ruathair ar Bhéal Feirste le linn an Chogaidh agus i ngeall ar seo d’aistrigh sé chuig Coillidh Léith i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1941.

Musaem Uladh i mBéal Feirste an láthair dá thaspeántas aonair sa bhliain 1946. Dhírigh John a uídh ar mhúrphictiúir a phéinteáil tar éis na bliana 1948 agus d’éirigh as an bpéintéireacht tacais a bheag nó a mhór. Phéinteáil sé cruinneachán Halla na Cathrach i mBéal Feiste le haghaidh Festival of Britain na bliana 1951 agus múrphictiúr den téama An Teampall á thógáil ag Solamh le haghaidh Halla na Másóin i Sráid Rosemary i mBéal Feirste.

Bhí a thaispeántas deireannach aige in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1960. Fuair sé bás ina chathair dhúchais.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint