about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Lupa Capitolina

click to view fullsize

Lupa Capitolina nó Faolchú an Chaipeatóil

Dealbh shaorsheasaimh chré-umha d’fhaolchú baineann a d’fheidhmigh mar tótaim na Róimhe. Bhíodh an dealbh fosaithe ar bharr colúin a sheasadh ar an gCaipeatól sa Róimh. Fearacht a lán de chultúr na Rómhánach bhí bunús Éatrúscach leis. Síltear go deimhin gur samhail de dhia de chuid na nÉatruscach a bhí san fhaolchú i dtosach.

Bhíodh an dealbh ar a cholún ar feadh stair na Róimhe ach d’imigh sí as amharc le turnamh na cathrach. Tháinig dealbh chun solais arís ag deireadh na meánaoiseanna agus tá sí ar marthain fós sa Palazzo dei Conservatori in Campodoglio na Róimhe. Tuigeadh go dtí seo gur teilgeadh í sa tréimhse 500-480 R.Ch. ach tá seo á cheistiú anois.

Tá dealbha de Romulus agus Remus ina linbh ag diúl ón bhfaolchu mar chuid den cheapachán anois. Níor chuid den bhunsaothar iad. Síltear go ndearna Antonio Pollaiuolo (1432/1433–1498) iad le linn an Renaissance.

Tagraíonn an faolchú go sonrach don ainmhí i miotaseolaíocht na Róimhe a shábháil Romulus agus Remus, clann Mars agus Rhea Silvia. Ghabh Amulius ríghe chathair Alba Longa ó Numitor, athair Rhea Silvia máthar Romulus agus Remus. D’fhoráil Amulius an cúpla a bhá in Abhainn na Tibéire. Chuala an faolchú iad ag gol. Tharrtháil sí iad agus dhiúil dóibh go dtí gur tháinig an t-aoire Faustulus orthu a d’uchtaigh iad.

Grianghraf: Faolchú an Chaipeatóil i Palazzo dei Conservatori in Campodoglio na Róimhe.


Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint