about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

MacGonigal, Maurice

click to view fullsize



Maurice MacGonigal, (1900-1979)

Péintéir tírdhreacha agus portráidí.

Rugadh Maurice Joseph MacGonigal i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ag obair leis an gcomhlacht J. Clarke and Sons, a raibh ceardlann ghloine dhaite agus maisiú eaglaise acu. Bhí Maurice gaolta le Bridget MacGonigle máthair Harry Clarke (1889-1931). Bhrostaigh a chol-cheathrar san ealaín é.

Ball d'Fhianna Éireann a bhí i Maurice agus i ngeall ar seo imtheorannaíodh é sa bhliain 1917 i gCill Mhaighneann. Aistríodh ina dhiaidh sin é chuig campa géibhinn i mBaile Coinnleora i gContae an Dúin. Maireann roinnt saothair ealaíne a chruthaigh sé sa tréimhse seo.

Ar ais sa bhaile dó tar éis a shaortha sa bhliain 1921 thosaigh sé ag freastail ar ranganna oíche sa Dublin Metropolitan School of Art. Chruthaigh sé chomh maith sin gur bhuaigh sé scoláireacht chun bheith ina mac léinn lánaimseartha. Ghnóthaigh sé Duais Taylor an Royal Dublin Society na bliana 1924. Thug sé cuairt ar na hOileáin Árainn den chéad uair sa bhliain 1924.

Thosaigh an dlúthbhaint a bhí aige leis an Royal Hibernian Academy nuair a bhí saothair óna láimh i dtaispeántas an acadaimh sa bhliain 1924. Tuilleadh staidéir ar an líníocht an chúis a bhí lena chuairt ar an Ísiltír sa bhliain 1927. Bhí sé ina theagascóir i scoileanna an Royal Hibernian Academy agus uaireanta sa Dublin Metropolitan School of Art. Toghadh ina fho-bhall den acadamh é sa bhliain 1931 agus ina bhall sa bhliain 1933. Bhí Maurice gníomhach ina chúrsaí inmheánacha an acadaimh. Ceapadh mar choimeádaí an acadaimh é faoi dhó. Bhí sé san oifig seo idir na blianta 1936 agus 1939 agus arís idir na blianta 1950 agus 1961. Toghadh ina uachtarán ar an acadamh é ina dhiaidh sin sa bhliain 1962 agus d'éirigh sé as seo sa bhliain 1977.

Tháinig Maurice faoi anáil Seán Keating agus rinne sé turasanna thart ar Chonamara, na hOileáin Árainn agus ar oileáin Mhaigh Eo ag péinteáil tírdhreacha. Bronnadh coimisiúin Maurice chun múrphictiúr mór a phéinteáil do phailliúin na hÉireann ag an Aonach Domhanda na bliana 1939 i Nua Eabhrac. Chabhraigh Harry Kernoff (1900-74) le Maurice an tionscnamh seo a chur i gcrích.

Ceapadh Maurice ina ollamh cúnta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne sa bhliain 1937 agus bhí san ollúnacht ann ón mbliain 1954 go dtí an bhliain 1969. Ghlacadh sé páirt i dtaispeáintais in go leor taispeántas de chuid an Oireachtais agus bhain an duais mhór iontu sna blianta 1960 agus 1975. Ghlac sé páirt in go leor taispeántais eile cuid acu thar lear sa Royal Scottish Academy i nDún Éideann agus sa Royal Academy of Arts i Londain mar shampla.

Lean sé ag péinteáil go bhfuair sé bás agus bhí taispeántas aonair aige i mbliain a bháis. Tá eiseamláirí dá shaothar sa Ghailearaí Náisiúnta, áit a raibh sé ina ghobharnóir ar an mbord ar feadh tamaill.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint