about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

MacLise, Daniel

click to view fullsize



Daniel MacLise, (1806-70)

Péintéir a rugadh i gCathair Chorcaí agus a raibh gníomhréim rathúil air i Sasana mar mhaisitheoir, mar phéintéir théamaí staire agus mar phortráidí den aos liteartha go mór mór.

Albanach a bhí ina shaighdiúr sna Elgin Fencibles in Arm Shasana a bhí ina athair Alexander McClish. Lonnaíodh i gCorcaigh é. Truailliú ar Mac Giolla Íosa atá sa sloinneadh. Shaothraigh a athair a chuid mar ghréasaí i gCorcaigh tar éis dó éirí as an saighdiúracht.

Bheith ina chléireach i mbanc an chéad ghairm a chleacht Daniel ón mbliain 1820. D’fhág sé an banc sa bhliain 1822 áfach agus fuair oiliúint dó féin i Scoil Ealaíne Chorcaí.

Agus é ina mhac linn dhéanadh sé sceitsí d’oifigigh in Arm Shasana. D’éirigh go maith leis san fhiontar seo ionas go raibh sé in ann stiúideo beag dó féin a fháil inar dhírigh sé ar phortráidí línithe i bpeann luaidhe go mór mór. Caithfear a rá gur línitheoir den scoth a bhí ann.

Thug an scríbhneoir Sir Walter Scott cuairt ar Chorcaigh sa bhliain 1825. Rinne Daniel sceits de i nganfhios don fhear mór agus é i siopa leabhar de chuid na cathrach agus rinne liteagraf de. Bhí ráchairt ar na clónna ealaíne seo agus bhí ainm Daniel i mbéal an phobail ealaínúil. Fuair sé tuilleadh oibre uaidh seo agus choigil an t-airgead.

D’fhág sé Corcaigh sa bhliain 1827 le sparán teann agus d’imigh go Londain. Tharraing sé scigphictiúir agus rinne picitúir thall i dtosach agus ansin sa bhliain 1828 d’fhreastail sé ar scoileanna an Acadaimh Ríoga. Rinne sé dul chun cinn iontach iontu agus bhain sé an bonn óir an acadaimh as a phictiúir Rogha Earcaill. Bhain sé bonn airgid chomh maith san líníocht ón ársa. Bhí pictiúr in uiscedhath le téama ó Twelfth Night (dráma de chuid William Shakespeare) ar crochadh aige i dtaispeántas an acadaimh sa bhliain 1829, an bhliain chéanna a tháinig sé anall ar a chuairt dheireannach ar an tír. Malvolio ag ligean air gurb é an Cúnta é an teideal a bhí air.

Tháinig seánraí éagsúla de Phéintéireacht Salóin chun cinn sa naoú céad déag nuair bhí an Réabhlóid Tionsclaíoch faoi lánseol, an scéalphéintéireacht agus radharcanna bréag-mhéanaoiseannacha go mór mór. Léiríodh téamaí a bhí a bheag nó a mhór liteartha agus scéaltach ar bhealach maoithneach. Rinne Maclise sraith de phictiúir faoi thinfeadh Shakespeare, Goldsmith agus Le Sage agus radharcanna ón stair go mór mór. Bhí cáil air mar mhaisitheoir agus rinne sé léaráidí do shaothar Tennyson agus Dickens. Mhaisigh sé an leabhar Irish Melodies le Thomas Moore (1779-1852) chomh maith.

Rinne sé lear mór portráidí i bpinn d’fhoilseacháin cuid acu faoi ainmneacha cleite. Mar shampla d’fhoilsigh sé ceithre scór portráidí faoin ainm cleite Alfred Croquis i Fraser's Magazine sa tréimhse ón mbliain 1830 go dtí an bhliain 1836. Rinne sé roinnt portráidí in oladhath chomh maith ar nós a phortráid dá chara Charles Dickens (1832, National Gallery, Londain).

Thaispeán sé Móid Ridiriúil na mBan Uasal sa bhliain 1835 agus toghadh ina fho-bhall den Royal Academy é.

Bhí an bhliain chéanna tábhachtach ar bhealach eile dó. Bhí sé ag triall leaganacha éagsúla dá shloinne a bheadh níos inghlactha in ardchathair Shasana agus ghlac agus d’fhan leis an leagan Maclise feasta. Chabhraigh a chara an péintéir Martin Shee (1769–1850) ó Bhaile Átha Cliath - a rinne an rud céanna leis - sa chinneadh.

Bronnadh fo-bhallraíocht sa bhliain 1835 agus lánbhallraíocht sa Royal Academy ar MacLise sa bhliain 1840. Cheannaigh an Bhanríon Victoria pictiúr uaidh sa bhliain 1843 mar bhronntanas bhreithlá dá fear céile an Prionsa Albert. Thaitin sé go mór leis agus d’iarr sé ar Daniel Maclise dhá freascó a dhéanamh dó i bPálás Buckingham.

Thug Maclise cuairt ar Pháras sa bhliain 1844 agus d’imir an phéintéireacht ansin, saothar Paul Delaroche (1797-1856) go mór mór tionchar spreagúil air. Tháinig tuilleadh oibre chuige óna phátrúin Ríoga ina dhiaidh sin.

Bhí Pálás Westminster á thógáil ag an am agus d’iarr an Prionsa air ar dhá fhreascó a phéinteáil dó seo, rud a rinne sé: Spiorad na Ridireachta sa bhliain 1848 agus Spiorad na Córa sa bhliain 1849. Iarradh ar Maclise pictiúr a phéinteáil a d’fhónódh mar eiseamláir d’fhreascó a chuirfí i bPálás Westminster. Is é an cúram a leagadh air ná pictiúr a chumadh a léireodh an chaoi a rinneadh críocha de chuid Impireacht na Breataine de thíortha éagsúla. Thaispeán Maclise a iarracht Pósadh Strongbó agus Aoife san acadamh sa bhliain 1854 den chéad uair ag léiriú gabháil na hÉireann.

Fearacht an chuid is mó de shaothar Maclise is iad na mionshonraí an chuid is spéisiúla de agus tá an saothar sa Ghailearaí Náisiúnta anois.

Dornán de bhlianta ina dhiadh sin arís sa bhliain 1857 thóg Maclise an cúram ar féin dhá fhreascó a phéinteáil do na Tithe nua Pairliminte agus thosaigh ag obair orthu sa bhliain 1858. Bheadh na saothair seo ar scála níos mó ná rud ar bith a rinne sé go dtí sin. Níorbh fhéidir le Maclise iad a chur i gcrích i bhfreascó agus bhí fonn air éirí as ar fad ach ar chomhairle an Phrionsa Albert d’imigh sé chuig Beirlín chun staidéar a dhéanamh ar theicníocht nua na mianraphéintéireachta a bhí ag teacht chun cinn ag an am. Chríochnaigh sé na saothair, Bás Nelson agus Wellington agus Blucher ar Chathláthair Waterloo sa teicníocht nua sa bhliain 1864 ach bhí a shláinte briste dá dheasca. Bhí lochtanna ceimiceacha ar an teicníocht agus thosaigh na múrphictiúir ag meath. Bhí lán dochair déanta dóibh taobh istigh de dheich mbliain.

Tairiscíodh Uachtaránacht an Royal Academy do Daniel sa bhliain 1865 ach dhiúltaigh sé dó. Tairiscíodh ridireacht dó ina dhiaidh sin agus dhiúltaigh sé do seo chomh maith. Fuair sé bás den Niúmóine.

An Pictiúr: Madeleine tar éis a paidreacha a rá (Gailearaí Náisiúnta) Daniel MacLise

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint