about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

MacManus, Henry

click to view fullsize



Henry MacManus, (c. 1810-78)

Péintéir portráidí, radharcanna seánra agus oideachasóir. Rugadh i Muineachán é ach oileadh san ealaín é i mBaile Átha Cliath.

D’fhill sé ar Mhuineachán i ndiaidh a oiliúna agus chaith tamall ag péinteáil pictiúir crábhaidh ar son eaglaisí áitiúla. Protastúnach agus ball den Ord Óraisteach a bhí ann. Bhí sé mór le Charles Gavan Duffy (1816-1903) duine de bhunaitheoirí an nuacháin The Nation a rugadh i Muineachán chomh maith agus le daoine eile a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta, Éire Óg ina measc. D’athraigh sé a thuairimí ar fad de bharr na haithne seo agus thacaigh leis an mgluaiseacht sin feasta agus ghlac áit feiceálach inti.

Spreag seo é chun portráidí a dhéanamh de phearsantachtaí de chuid na gluaiseachta Náisiúnta, Thomas Davis, John Blake Dillon agus de Dhónall Ó Conaill féin ina measc. Rinne sé speisialtacht chomh maith de radharcanna seánra bunaithe ar nósanna agus saol sóisialta na hÉireann ar nós pátrúil agus aonaigh. Ghlac sé roinnt téamaí ó fhoinsí liteartha ar nós Traits and stories of the Irish peasantry (1834) le William Carleton, (1794-1869) agus Ireland - Its Scenery, Character le Mr & Mrs S C Hall (1841-3 Londain) - 3 imleabhair.

D’aistrigh Henry go Baile Átha Cliath sa bhliain 1835 ach d’aistrigh sé arís sa bhliain 1837 nuair a d’imigh sé anonn go Londain. Fostaíodh ansin é mar príomhoide ar Somerset House, scoil an Acadimh Ríoga agus bhí sé sa phost sin go dtí an bhliain 1844.

Níor thug Henry a chúl leis an tír agus lena cearta agus é fostaithe i Londain. Thacaigh sé le feachtas Dhónaill Uí Chonaill ar son aisghairm Acht an Aontais. Bhí sé i láthair sa bhliain 1843 ag an ollchruinniú i Mullach Maistín i gCo Chill Dara áit ar bhronn an dealbhóir John Hogan (1800-58) agus Henry in éineacht leis Caipín na hAisghairme ar Ó Conaill ag an ollchruinniú. Go deimhin b’é Henry féin a dhear an caipín le comhairle ó Chales Gavan Duffy agus iarracht a bhí ann ceannbheart náisiúnta a chruthú. Bhí an caipín cosúil le coróin.

Lean Henry de bheith ag péinteáil radharcanna de shaol na hÉireann agus de radharcanna ón stair i Londain agus bhí pictiúir den chineál seo óna láimh i dtaispeántas an Royal Academy den chéad uair sa bhliain 1839. Thaispeáin sé a shaothair leis an British Institute agus in áiteanna eile chomh maith. Ghlac Henry páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy agus rinneadh fo-bhall den acadamh é.

Bhog sé go Glaschú sa bhliain 1844 agus ghlac ceapachán mar phríomhoide ar an scoil nua ealaíne ansin an Glasgow Government School of Design. Thosaigh a thréimhse ansin go maith ach d’éirigh idir é féin agus coiste bainistíochta na scoile go dtí gur éirigh sé as an bpost sa bhliain 1848. Thóg sé post abhus i mBaile Átha Cliath sa bhliain sin mar phríomhoide ar an Scoil Ealaíne agus d’fhan sa phost sin go dtí an bhliain 1862.

Tá a phictiúr The Nation á léamh sa Ghailearaí Náisiúnta ach níl a fhios cad a tharla do a lán dá shaothair eile.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint