about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Mackenzie, William Gibbs

click to view fullsize



William Gibbs MacKenzie, (1857-1924)

Péintéir portráidí go mór mór agus roinnt tírdhreacha agus pictiúir seánra.

Rugadh William Gibbs MacKenzie i mBéal Feirste agus oileadh é san ealaín san Government School of Design i mBéal Feirste ar dtús. Chruthaigh sé chomh maith ansin gur ghnóthaigh sé scoláireacht chun staidéar a dhéanamh i Londain faoi Sir Edward Poynter (1836-1919) i Londain agus tréimhse a chaitheamh san Académie Julian i bPáras. Ar ais in Éirinn dó ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1889 agus leis an Belfast Ramblers Sketching Club sa bhliain chéanna.

Bhog sé anonn go Londain cúpla bliain ina dhiaidh sin agus d’fhan ann ar feadh deich mbliana. Chruthaigh sé portráidí agus tírdhreacha in oladhatha ansin agus ghlac páirt i dtaispeántais an Royal Academy sna blianta 1894, 1895 1987 agus 1899 sa tréimhse seo.

Bhí sé ar ais i mBéal Feirste i dtús an chéid úir agus thaispeáin arís leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1906 ar aghaidh. Ball gníomhach den Belfast Art Society a bhí ann chomh maith. Tá cuid dá phortráidí i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Toghadh ina fho-bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1915. Fuair sé bás ina chathair dhúchais.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint