about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Maigheach

click to view fullsize

Ealaíona agus sibhialtacht na Maigheach

Ardchultúr agus sibhialtacht ársa réamhcholambasach de chuid leithinis Yucatán i Meiriceá Láir.

Mhair a sibhialtacht níos faide na ceann ar bith eile i lár nó i nDeisceart Mheiriceá ionas go roinntear í sna tréimhsí thíos :

An Tréimhse ársa c.2000 R.Ch.

An Tréimhse Foirmitheach déanach c.300 R.Ch. go c.150 A.D.

An Tréimhse Próta-Clasaiceach c.150 A.D. go c.300 A.D.

An Tréimhse clasaiceach c.300 A.D. go c.900 A.D.

Is cosúil go bhfuair na Maighigh a lán eilimintí dá gcultúr ó sibhialtacht na n-Oilmeic a bhí ann rompu agus gur thosaigh sé c.2, 000-c.1,800 R.Ch. sa tréimhse ársa. D’ainneoin sin ní raibh na tréithe sin ar a dtugtar Maigheach anois le sonrú uirthi fós. Tagann siad-san chun solais sa Tréimhse Foirmitheach déanach.

Thosaigh na Maighigh féin ag tógáil pirimidí móra c.600-400 R.Ch. i dtosach agus bhí siad in ard a réime sa Tréimhse chlasaiceach ón tríú céad go dtí an naoú céad A.D. Ba í El Mirador cathair i dtuaisceart Guatemala a bhí in airde a réime thart ar thús Aois Chríost an chathair Maigheach is túisce a tháinig chun cinn mar lárionad mór. Faoi c.250 A.D. agus an Tréimhse Clasaiceach ag tosú bhí a gcultúr leata go Guatemala, Honduras, agus an chuid Oirthearach de Mheicsiceo.

Ní raibh a sibhialtacht síochánta i gcónaí i c.378 A.D. ghabh cathair Tikal forlámhas ar chathair Uaxactôn tar éis cogaíochta. Ní fios go beacht an fáth a thosaigh a sibhialtacht ag meath ach tréigeadh a lán dá gcathracha ag deireadh an tréimhse chlasaiceach. Thit sibhialtacht na Maigheach as a chéile ar chúis éigin c.850 A.D. i ndeisceart Mheicsiceo agus tréigeadh na cathracha ansin. Leath an titim ar aghaidh go ceantracha eile ó c.900 A.D. go c.1100 A.D. cé go dtáinig athbheochan ar a gcultúr c.1250 A.D. agus gur tógadh príomhchathair nua ag Mayapan.

Meastar go raibh daonra thart ar 14,000,000 in Impireacht na Maigheach nuair a bhí sí in airde a réime ach ba thuathánaigh an mhórchuid acu. Sochaí tiomanta don reiligiún a bhí iontu agus bhí cinnirí a bhí ina sagairt chomh maith.

Bhí cultas an Iaguardhia forleathan agus íobairtí daonna coitianta chun compánaigh a thabhairt don rialóir ar a bhealach don saol eile. Chreid siad i dtrí neamh déag agus naoi n-ifreann.

Chruthaigh na Maighigh ailtireacht dhearscnaitheach le seomraí agus hallaí boghtaithe maille le dealbhóireacht i gcloch agus stúcó, múrpéintéireacht agus criadóireacht. Chleacht siad córas iairiglifeanna agus bhí siad ar an aon sibhialtacht amháin i Meirceá réamhcholambasach a bhí iomlán liteartha. D’fhág siad taifid scríofa ó c. 50 A.D. agus chruthaigh siad an chéad leabhar i Meiriceá in 890 A.D.

Bhí féilire iontach cruinn acu agus ar nós na gceilteach bhí a gcóras uimhríochta bunaithe ar an bhfiche agus bhain siad feidhm as an uimhir náid. Chruthaigh siad pirimidí arda le teampaill ar a mullach.

Maidir leis na múrphictiúir is cosúil gur bhreac siad an t-imlíne i dtosach agus gur líon siad na spásanna isteach ina dhiaidh sin. Dála na Sínigh níor bhain siad feidhm as scáthú iontu. Tá an chuid is mó den eolas ar mhúrphictiúir ag teacht ó theampall a fionnaíodh i 1945 in Bonampak cathair a tógadh tar éis 800 A.D., tá trí hallaí maisithe mar chuid de. Faightear an chóireáil chéanna ar an gcriadóireacht is ar an bpéintéireacht. Rinne siad dealbha bheaga i gcré bhruite agus dealbha mhóra i gcloch. Tá roinnt de na dealbha cloiche 9m. ar airde.

Fuarthas a lán déantáin óir den chaighdeán is airde i gcathair Chichen Itzá. fíoracha d’fhir agus de mhná is mó a bhíonn iontu. Tugtar suntas do na liagáin ollmhóra greanta a mhaisigh cathracha Copán agus Quiriguá agus dealbhóireacht stúcó Palenque.

Léaráid : Múrphictiúr ar sheomra i dteampall i gCathair Bonampak.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint