about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Malton, James

click to view fullsize



James Malton, (1761-1803)

Greanadóir agus péintéir in uiscedhath a shamhlaítear lena chathairdhreachanna d’fhoirgnimh Palláideacha Chathair Bhaile Átha Cliath go mór mór. Cathairdhreachanna a bhfuil ráchairt agus macasamhlú á ndéanamh orthu fós.

Línitheoir ailtireachta a bhí ina athair Thomas Malton Sinsearach (1726-1801) a tháinig anall as Sasana sa bhliain 1785. Chuir sé a bheatha i dtír abhus mar ghreanadóir agus mar theagascóir ag múineadh peirspeictíochta. Tháinig a mhac James anall ina chuideachta agus chuaigh ag obair mar línitheoir ailtireachta in oifigí an ailtire James Gandon i mBaile Átha Cliath nuair a bhí Teach an Chustaim á thógáil aige siúd. Bhí spéis ag James agus tallann aige i bpéintéireacht radharcanna ailtireachta in uiscedhath.

Síltear gur thug na healaíontóirí John James Barralet (c. 1747-1814) a phléigh le huiscedhathanna don chuid is mó agus Robert Smirke comhairle dó i bhforbairt a scileanna líníochta. Rinne sé cóipeanna de phictiúir ealaíontóirí eile chomh maith. Sheoladh sé a shaothair anonn chuig an Society of Artists i Londain agus díoladh ansin iad a shon.

Eiseamláirí maithe ón mbliain 1790 dá shaothar is ea, Radharc de Chaisleán Dharú agus Radharc de Heywood atá anois san Victoria and Albert Museum i Londain. Tá roinnt dá shaothair sa British Museum chomh maith. Bhí saothair uaidh ina dhiaidh sin i dTaispeántas an Royal Academy.

Rinne sé sraith de cúig gheanadóireacht agus fiche d’fhoirgnimh Bhaile Átha Cliath idir na blianta 1792 agus 1799. D’fhoilsigh sé iad mar chuid den leabhar A Picturesque and Descriptive View of the City of Dublin in a Series of the Most Interesting Scenes Taken in the Year 1791 by James Malton, with a Brief Authentic History from the Earliest Accounts to the Present Time (Londain). Maireann buancháil air de bharr na ngreanadóireachtaí seo.

D’fhill James Malton ar a thír dhúchais sa bhliain 1798. D’fhoilsigh sé Four Views in Devon (1800), agus roinnt uisceimireacha. Foilsíodh a Essay on British Cottage architecture sa bhliain 1804 tar éis dó deireadh a chur leis féin sa bhliain 1803.

An Pictiúr: Teach an Chustaim (1793 Gailearaí Náisiúnta) James Malton

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint