about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McCausland, Charlotte Katherine

click to view fullsize



Charlotte Katherine McCausland (1860-1930)

Péintéir a rinne speisialtacht de phortráid de mhná agus de pháistí a chaith a gníomhréim ar fad taobh amuigh d’Éirinn mar bhall de na coilíneachtaí ealaíne i nGrez-sur-Loing, Pont-Aven agus Concarneau.

Níl a sonraí cinnte, bliain a breithe fiú. Síltear gur i mBaile Átha Cliath a rugadh í ach rud amháin atá cinnte ná go raibh sí ag péinteáil i Lowestoft Shasana sa bhliain 1883. Tá a fhios go ndeachaidh sí ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig Páras, príomhchathair na n-ealaíon. Thaispeáin sí a saothar ina lán áiteanna i Sasana an Royal Academy idir na blianta 1886 agus 1904 go mór mór.

Rinne sí staidéar i stiúideo Carolus-Duran (1838-1917), agus faoi Jean-Jacques Henner (1829-1905). Rinne sí staidéar san Académie Julian chomh maith agus ghlac páirt i dtaispeántais na salóin éagsúla. Chuir Charlotte fúithi i gcoilíneacht ealaíne Grez-sur-Loing timpeall na bliana 1889 agus bhain aitheantas amach di féin mar phéintéir phortráid de mhná agus de pháistí ansin. Chaith sí sealanna in Pont-Aven agus Concarneau.

Fuair Charlotte bás sa Fhrainc agus tá sí curtha i Reilg St. Germain-en-Laye. Tá a lán dá saothar i mbailiúcháin sa Bhriotáin agus i bPáras ach is ar éigean atá aon saothair dá cuid in Éirinn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint