about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McDowell, Patrick

click to view fullsize



Patrick McDowell, (1799-1870)

Dealbhóir mór le rá de chuid an naoú céad déag a rugadh i mBéal Feirste. Eiseamláir mór den stíl mhilis Victeoireach a shaothar.

Fuair sé tuiscint ar na healaíona i mBéal Feirste i dtosach óna mhúinteoir scoile a bhí ina ghreanadóir ag an am céanna. D’aistrigh an teaghlach ina dhiaidh sin ó Bhéal Feirste go Londain agus cuireadh Patrick óg amach ag obair mar phrintíseach do chóisteoir.

Bhí seomra aige san aon teach leis an ndealbhóir Francach Peter Francis Chenu (1760-?). Thug seisean teagasc dó sa líníocht agus i dteicníocht na snoíodóireachta. Bhí dealbh saorsheasaimh aige; An Cailín ag Léamh i dtaispeántas an Royal Academy sa bhliain 1822 a thuill meas an phobail dó agus glaoch ar a shaothar. Bhí blaiseadh beag den anghráchas le sonrú ar roinnt dá shaothar, rud a bhí faiseanta ag an am. Rinne McDowell ainm dó féin as portráidí a dhéanamh, bustaí go mór mór.

D'fhreastail sé ar scoileanna an Royal Academy sa bhliain 1830 agus rinneadh ball iomlán de sa bhliain 1846. Iarradh air dealbha a dhéanamh de Pitt Sinsearach agus Pitt Sóisearach. Cé go raibh sé lonnaithe i Londain iarradh ar dealbh saorsheasaimh a dhéanamh den tríú Marquis of Donegall i mBéal Feirste agus de Viscount Fitzgibbon i Luimneach.

Nochtadh an dealbh den third Marquis of Donegall sa bhliain 1855 agus cuireadh os comhair an Academical Institution i mBéal Feirste é. Bhaist muintir na cathrach an 'fear dubh' air de bharr an bhailchríoch dhubh a bhíodh air. Baineadh an dealbh anuas ar ball agus cuireadh dealbh de dhuine eile ina áit. Cuireadh an 'fear dubh' i Halla na Cathrach agus tá sé ann ó shin.

Ba laoch de chuid na nDílseoirí é Viscount Fitzgibbon a maraíodh ag Cath Balaclava le linn an Chogadh Criméach. Suiteáladh an dealbh ar Dhroichead Sáirséil i Luimeach sa bhliain 1857. Phléasc na hÓglaigh é sa bhliain 1930 agus cuireadh leacht i gcuimhne ar Éirí Amach 1916 ina áit.

Is é an grúpdhealbh Europa, atá ina chuid den Albert Memorial i Londain, an dealbh deireannach a rinne McDowell ina shaol. Rinneadh a lán mionsamhlacha dá shaothair i bpoirceallán Parósach. Fuair sé bás thall i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint