about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McGuiness, Norah

click to view fullsize



Norah McGuiness, (1903-80)

Péintéir, maisitheoir agus dearthóir a rugadh i nDoire. Importálaí guail a bhí ina hathair a raibh a long féin aige.

D’fhreastail Norah McGuiness ar ranganna líníocht ón mbeo sa cheardscoil áitiúil. D’imigh sí ar aghaidh go dtí an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath a bhronn scoláireacht uirthi ansin a mhair ón mbliain 1921 go dtí an bhliain 1923. Bhí Patrick Tuohy (1894-1930), Oswald Reeves (1870-1967) agus Harry Clarke (1889-1931) mar oidí aici. Bronnadh bonn ón Royal Dublin Society uirthi sa bhliain 1925 as feabhas a saothar.

D’imigh Norah go Londain ansin agus chonaic taispeántas de shaothar na nImpriseanaithe ann a thug léargais nua di. Bhraith sí go raibh sé riachtanach dá forbairt mar phéintéir go bhfaigheadh sí tuilleadh traenála agus d’fhreastail ar an Chelsea Polytechnic chuige sin.

Bhí sí faoi anáil Harry Clarke ina saothar i dtús a gníomhréime agus bhí meas aige uirthi. An leabhar A Sentimental Journey (Londain, 1926) a mhaisú an chéad choimisiún a fuair sí agus fuair sí é trí dhea-oifigí Harry Clarke. Mhaisigh sí leabhar W. B. Yeats Stories of Red Hanrahan (London, 1927) an bhliain dar gcionn agus bhí Yeats thar a bheith sásta lena cuid oibre. Is mar mhaistheoir agus mar dhearthóir don stáitse is mó a bhí sí ag obair sa tréimhse seo.

Phós sí an file agus eagarthóir Geoffrey Taylor ach ar an drochuair níor mhair an cleamhnas agus scar siad óna chéile sa bhliain 1929.

Ar chomhairle Mainie Jellett (1897-1944) d’imigh sí chuig Páras sa bhliain chéanna agus rinne staidéar faoi André Lhote (1885-1962), péintéir agus teagascóir clúiteach ar an eite acadúlach den Chiúbachas. Tháinig sí faoi thionchar an Chiúbachais agus na bhFauves i bPáras ach ní dheachaigh sí leis an teibíocht ar fad. D’fhan sí ina péintéir fíorthaíoch i gcónaí.

Is ar an India a thug sí a haghaidh nuair a d’fhág sí Páras i dtosach chun tamall a chaitheamh lena deirfiúr ann. Chuaigh sí go Londain ansin agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1937. Bhí aithne uirthi mar ealaíontóir avant-garde agus ghlac sí páirt i mbuíonta avant-garde ar nós an London Group agus an Seven and Five Society.

Bhí sí i Nua Eabhrach sa bhliain 1937. Bhí taispeántas aici ansin agus chuir sí a beatha i dtír trí dhearthaí a dhéanamh d’fhuinneoga na siopaí móra. D’fhill sí ar Éirinn sa bhliain 1939.

Pictiúir in uiscedhathanna, guais agus oladhathanna is mó a rinne sí feasta. Bhí pictiúir aici i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy idir na blianta 1940 agus 1943. Iarradh uirthi sa bhliain 1943 bheith ar choiste bhunaithe an Irish Exhibition of Living Art. Rinneadh uachtarán di sa bhliain 1944 tar éis bháis Mainie Jellett, post a bhí aici go dtí an bhliain 1972.

Iarradh uirthi agus ar Nano Reid (1905-81) ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa taispeántas Biennale na Veinéise na bliana 1950. Ceapadh í mar bhall oinigh den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1957 ach d’éirigh sí as seo sa bhliain 1969. Tionóladh sa bhliain 1968 taispeántas aisbhreathnaitheach dá saothar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha agus bronnadh onóracha uirthi. Fuair sí bás i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint