about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McGuinness, William Bingham

click to view fullsize



William Bingham McGuinness, (1849-1928)

Péintéir bisiúil tírdhreacha in uiscedhath.

Rugadh William Bingham McGuinness i mBaile Átha Cliath agus thosaigh sé amach sa saol nuair a ceanglaíodh é mar phrintíseach ailtireachta. Bhí an t-ádh air gurbh é John Skipton Mulvany (1813-70), Ball de Royal Hibernian Academy an t-ailtire agus ba mhac é siúd don phéintéir Thomas Mulvany, ball eile den Royal Hibernian Academy. Dhear John Skipton Mulvany na stáisiúin traenach idir Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire agus stáisiún an Átha Leathan chomh maith.

Thosaigh William Bingham féin ag freastail ar ranganna oíche sa Royal Hibernian Academy agus fuair a chéad oiliúint san phéintéireacht ansin. Chaith William Bingham tréimhse ag déanamh staidéar ar an bpéintéireacht uiscedhatha i nDüsseldorf na Gearmáine le cabhair ó dhuine muinteartha le Thomas Mulvany a bhí lonnaithe ann.

Ar ais in Éirinn dó thosaigh sé ag taispeáint a shaothar leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1866 ar aghaidh. Lean sé de nós seo go dtí an bhliain 1928. Togadh é ina fh-bhall den acadamh céanna sa bhliain 1882 agus ina bhall sa bhliain 1884.

Bhí William Bingham gníomhach sna cumainn éagsúla uiscedhatha. Thaispeáin sé a shaothar leis an Dublin Sketching club ón mbliain 1877 ar aghaidh (Bheadh sé ina uachtarán ar seo ar ball), an Belfast Art Society ón mbliain 1891 ar aghaidh agus an Watercolour Society of Ireland ón mbliain 1892 ar aghaidh. Ghlac sé páirt sa taispeántas ealaíne a reáchtáil Hugh Lane sa bhliain 1904 sa Guildhall i Londain. Ina theannta sin thaispeáin sé a shaothar sa bhliain 1907 sa New Dudley Gallery i Londain in éineacht le Mildred Anne Butler (1858-1941), Claude Hayes (1852-1922) agus William Percy French (1854-1920).

Rinne William Bingham taisteal fada fairsing in Éirinn ar ndóigh, ach in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana ar an oileán eile agus ar an mór-roinn sa Fhrainc, sa Bheilg, san Ísiltír, sa Ghearmáin agus san Iodáil. Ghlac sé páirt i dtaispeántais ina lán tíortha taobh amuigh d’Éire ina ghníomhréim fhada.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint