about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McKelvey, Frank

click to view fullsize



Frank McKelvey, (1895-1974)

Péintéir tírdhreacha, radharcanna sráide agus portráidí in oladhath agus in uiscedhath.

Péintéir agus maisitheoir tithe a bhí ina athair agus rugadh Frank i mBéal Feirste é. Dearthóireacht postaer an ghairm a chleacht Frank i dtosach ach thosaigh sé ag freastail ar an scoil ealaíne i mBéal Feirste ar ball. Chruthaigh sé go maith ansin ag buachtaint Duais Sir Charles Brett Prize ar son líníocht fhíortha sa bhliain 1912. Bhuaigh duais eile don ábhar céanna an Fitzpatrick Prize sa bhliain 1914. Bronnadh bonn cré-umha air sa bhliain 1917 chomh maith agus scoláireacht Taylor na bliana 1918.

Fuair sé coimisiún chun cathairdhreacha de sheanfhoirgnimh Bhéal Feirste a phéinteáil agus tá toradh a shaothair i Musaem Uladh. Tréithríonn tírdhreacha agus portráidí an chuid is mó dá shaothar. Radharcanna ó Aontroim, Tír Chonaill agus Conamara is mó a bhí ar a úidh. Chleacht sé scuabóireacht láidir dathannach agus scáthanna dorcha ina lán dá shaothar.

Taispeánadh a shaothar sa Glasgow Institute of Fine Art sa bhliain 1923 agus i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath. Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1918. Ghlac sé páirt i dtaispeántais an acadaimh go dtí an bhliain 1973 gan aon bhliain amháin a chailleadh. Rinneadh fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1923 agus ball de sa bhliain 1930.

I measc na onóracha a bronnadh air bhí ballraíocht san Belfast Art Society sa bhliain 1921 agus ballraíocht san Ulster Academy of Arts nuair bunaíodh sin sa bhliain 1930. Thaispeáin sé leo go bliain a bháis. Bronnadh ballraíocht oinigh air chomh maith san Ulster Arts Club sa bhliain 1935. Is é an portráid de Sir William Whitla, Diúc Abercorn. Gobharnóir Thuaisceart Éireann an ceann is fearr aithne díobh.

An Pictiúr: I dTír Chonaill, Frank McKelvey

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint