about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McSwiney, Eugene J

click to view fullsize



Eugene J McSwiney, (1866-1930)

Péintéir portráidí agus tírdhreacha in oladhath agus in uiscedhath. Rugadh i gCorcaigh é agus oileadh sna healaíona é i Scoil Ealaíne Chorcaí. Bhí a an-chumas línithe ann agus dá bharr seo chruthaigh sé go maith ansin ag baint duaiseanna agus scoláireacht as a líníochtaí, duais an Mhéara sa bhliain 1886 ina measc.

Rinne sé staidéar sna Scoileanna Ealaíne i South Kensington i Londain ar feadh tréimhse chomh maith. Chuaigh sé ar fhoireann na Scoile Ealaíne i gCorcaigh a luaithe agus a cháiligh sé. Ghlac sé páirt san Cork Industrial Exhibition sa bhliain 1883 agus arís ann sa bhliain 1902. Ba sa bhliain 1890 a ghlac sé páirt den chéad uair i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy le dhá phictiúr. Bhí sé páirteach ann arís sna blianta 1891 agus 1892.

Ceann de sheoda Chorcaí is ea an pictiúr a rinne sé sa bhliain 1891 de Theach na Cúirte i gCorcaigh agus é trí thine. Bhí sé féin ar láthair an dóiteáin agus murach sin b'fhéidir nach mbeadh taifead ar an imeacht againn.

Thug sé a aghaidh ar Londain sa bhliain 1893 cionn is raibh sé fós ag strachailt lena bheatha a chur i dtír in Éirinn. D'fhan sé ina chónaí i Londain an chuid eile dá shaoil cé nár chaill sé an ceangail le hÉirinn. Thaispeáin sé leis an Munster Fine Art Club níos mó ná uair amháin agus leis an Royal Hibernian Academy go bliain a bháis. Chomh maith leis sin thaispeáin sé leis an Royal Academy in London faoi dhó agus is iad na pictiúir Deireadh an Lae (1897) agus Fothracha Mhainistir Theach Molaga (1912) na saothair is fearr aithne ón láimh. Fuair Eugene bás thall i Londain. Is i mbailiúcháin i gCorcaigh is mó a bhfuil a shaothar in Éirinn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint