about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

McWilliam, Frederick Edward

click to view fullsize



Frederick Edward McWilliam, (1909-89)

Dealbhóir a bhain cáil idirnáisiúnta dó féin agus a rinne an chuid is mó dá shaothar i gcré-umha, i gcloch agus in adhmaid.

Rugadh Frederick ar Dhroichead na Banna agus oileadh sna healaíona é nuair a thosaigh sé ag freastal ar an Belfast School of Art sa bhliain 1926. D'imigh sé ar aghaidh sa bhliain 1928 don Slade School of Art i Londain. Scoláireacht a bhuaigh sé ansin sa bhliain 1931 a thug ar a chumas staidéar bliana a dhéanamh i bPáras. Chuir sé aithne ar Henry Moore (1898–1986) agus ar a shaothar i Londain agus chuir seo ar tháirim eile é, táirim a lean sé sa Fhrainc. Rinne sé rogha den dealbhóireacht mar ghairmréim thart faoin am seo agus bhí faoi thionchar foirmeacha bithmhorfacha Moore, na hEalaíne Afracaí agus foirmeacha simplithe Constantin Brancusi (1876-1957).

Thug sé a aghaidh ar Londain arís nuair a bhí a sheal sa Fhrainc istigh agus thug faoin ndealbhóireacht i ndáiríre ag tosú leis an snoíodóireacht adhmaid. Thaithigh sé ciorcal ealaíontóirí an Osréalachais. Bhí a chéad taispeántas aonair aige agus sa bhliain 1938 bhí a shaothar i dtaispeántas de chuid ealaíontóirí an Osréalachais.

Liostáil sé in Arm Shasana nuair a d'fhear Sasana Cogadh ar an nGearmáin ach chaith an cogadh san India. Fuair sé deis ealaín a theagasc sa tréimhse seo. Chuaigh sé chun cónaí i Londain nuair a bhí an cogadh thart agus theagascóir é ina sheanscoil an Slade School of Art. Bhí sé ann idir na blianta 1947 agus 1968.

Tháinig onóracha chuige, bhí sé ar Chomhairle Ealaíon Shasana agus ceapadh ina fho-bhall den Royal Academy sa bhliain 1959, cé gur éirigh sé as seo sa bhliain 1963. Ainmníodh mar Commander of the British Empire é sa bhliain 1966.

Athneartaíodh a bhaint le hÉirinn nuair a thug an Irish Exhibition of Living Art cuireadh dó a shaothar a thaispeáint i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1951. I measc na gcoimisiúin a fuair sé in Éirinn bhí “Na Ceithre Ráithe don Festival of Britain agus “Macha Banríon” d'Ospidéal Alt na nGealbhan i nDoire. Bhuaigh sé an bonn óir i dTaispeántas an Oireachtais sa bhliain 1971.

Thosaigh sé ar an sraith “Mná Bhéal Feirste” sa bhliain 1971. Sraith d'fhiche dealbh a bhí ann ina raibh mná siabtha dá gcosa mar théama iontu. A mhachnamh féin ar chor an Tuaiscirt a bhí ann. Fuair sé bás i Londain agus d'fhág a stiúideo mar uacht ag Comhairle Dhroichead an Bhanna. Thóg siadsan ionad taispeántais ar leith dá shaothar ina onóir.

An Pictiúr: Bean á siabadh, Frederick Edward McWilliam, Ionad Dhroichead an Bhanna

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint