about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Middleton, Colin

click to view fullsize



Colin Middleton, (1910-83)

Is i mBéal feirste a rugadh an ealaíontóir ildánach Colin Middleton a phéinteáil pictiúir agus a rinne mosaící agus postaer fosta. Oileadh sna healaíona é ag an Scoil Ealaíne i mBéal Feirste. Lean sé ceird a athar agus bhí ina dhearthóir damaisc. Chleacht sé an cheird seo agus an péintéireacht ag an am céanna ar feadh tamaill fada.

Tionchar luath ar a shaothar péintéireachta ba ea saothar Vincent van Gogh ach chuaigh sé i dtreo an Osréalachais. Ba sa bhliain 1938 a thosaigh sé ag taispeáint a shaothar leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair riamh agus thaispeáin saothair leo go bliain a bháis.

Bhí a chéad taispeántas aonair aige sa bhliain 1943 sa Belfast Museum and Art Gallery. Bhí taispeántais aige thar lear aige i Londain agus i Nua Eabhrach. D'imigh sé chun cónaí i Sasana sa bhliain 1945 ach d'fhill sé sa bhliain 1947 agus d'imigh sé chun cónaí ar an Aird Glas i gContae an Dúin. Thosaigh sé ag fáil coimisiúin chun radharcra don stáitse a dhearadh ón mbliain 1953 ar aghaidh. Dhear sé don New Theatre i mBeannchar, an Circle Theatre agus an Lyric Theatre i mBéal Feirste.

Bhí sé mór leis na péintéirí Daniel O'Neill (1920-74), George Campbell (1917-79) agus Gerard Dillon (1916-71) agus d'fheidmigh siad mar ghrúpa geall leis cé nach raibh aon aontas stílíochta eatarthu. Bhí taispeántas beirte aige sa bhliain 1954 i Londain in éineacht le Daniel O'Neill sa Tooth Galleries sa chathair sin.

Chuaigh Colin i mbun na múinteoireachta mar mhúinteoir ealaíne. Theagasc sé ag an scoil ealaíne i mBéal feirste ar dtús, ar an nGairmscoil i gCúl Raithin ina dhiaidh sin. Chríochnaigh sé a ghníomhréim mar phríomhoide ar an Friends' School i Lios na gCearrbhach.

Rinneadh Member of the British Empire agus fo-bhall den Royal Hibernian Academy de sa bhliain 1969. Toghadh mar bhall iomlán den acadamh é sa bhliain dar gcionn 1970.

Reáchtáileadh taispeántas aisbhreathnaitheach dó sa bhliain 1976 san Ulster Museum agus sa Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint