about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Morphey, Garrett

click to view fullsize



Garrett Morphy (Morphey), (c. 1650-1716)

Portráidí in oladhath a bhí i mbun oibre i mBaile Átha Cliath sa tréimhse idir an bhliain 1680 agus an bhliain 1716. Eisean an chéad phéintéir in oladhath in Éirinn a bhfuil a ainm ar marthain. Ar an drochuair is tearc an t-eolas pearsanta atá ar fáil faoina taobh amuigh den fhíric gur Chaitliceach a bhí ann.

Tá a fhios go raibh Garrett Morphy ina bhall de ghild na bpéintéirí. Tugadh cairt don Guild of St. Luke sa bhliain 1670 agus tá an chairt sin san Iarsmalann Náisiúnta anois.

Phéinteáil sé portráidí agus pictiúir seánra i stíl na hÍsiltíre agus fuair sé coimisiúin ó na Sean-Ghaill agus ó na Nua-Ghaill araon. Ealaíontóirí anall ó Shasana is mó a bhí ag obair don choilíneacht Shasanach sa tréimhse ina raibh sé gníomhach. Bhí sé féin ag obair i Sasana feadh cúig bhliana déag ón mbliain 1673 ar aghaidh agus rinne a lán portráidí i dTuaisceart na tíre sin. Sampla maith dá shaothar is ea: Portráid den Brigadier General William Wolseley (1692, Bailiúchán príobháideach).

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint