about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Moynan, Richard

click to view fullsize



Richard Moynan, (1856-1906)

Péintéir portráidí, tírdhreacha agus radharcanna seánra a rugadh i mBaile Átha Cliath. Tá cáil ar leith air mar bholscaire neamhbhalbh ar son Impireacht Shasana ina phictiúir agus san obair a rinne sé le foilseacháin.

Bhí sé ag staidéar chun a bheith ina dhochtúir nuair a chuir sé spéis san ealaín. Chaith sé a chúrsa sa Leigheas i gColáiste Ríoga na Máinlianna i dtraipisí chun freastal ar an Dublin Metropolitan School of Art sa bhliain 1879. Chruthaigh sé go maith ina ghníomhréim nua agus bhuaigh an Duais Taylor agus an Duais Cowper araon.

Thosaigh sé ag staidéar leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1882. Bhuaigh sé a lán bonn ansin maille le scoláireacht Taylor na bliana 1883 ar son a shaothair An Duine Deireannach den 24tú Reisimint ag Isandula. Thaistil sé chun Antwerp na Beilge sa bhliain 1883 chun staidéar a dhéanamh san Académie Royale des Beaux-Arts. Bhí an t-acadamh sin tiomanta don phéintéireacht seánra agus don phéintéireacht fíorach agus don acadúlachas i gcoitinne ag an tráth sin agus thréithrigh feidhm a bhaint as dath dubh sna scáthanna a stíl.

Bhí Richard Moynan ann an tráth céanna le Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918), Walter Frederick Osborne (1859-1903) agus Dermod O’Brien (1865-1945). Fuair sé teagasc ó Karel Verlat (1824-90) péintéir seánra agus ainmhithe a mhúin líníocht ón mbeo agus bhuaigh sé an chéad áit san acadamh ar son na péintéireachta fíoraí.

D'fhág sé Antwerp sa bhliain 1885 agus d'imigh go Páras. D'éirigh go maith leis ansin. D'fhill Richard ar Éirinn sa bhliain 1886 agus phós a chol ceathrar Suzannah Mary Moynan i nDúrlas Éile. D'fhill sé ar Pháras chun staidéar a dhéanamh san Académie Julian agus bhí ar ais agus ag obair i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana céanna. Lean de bheith ag taispeáint leis an Royal Hibernian Academy

Fostaíodh Richard sa bhliain 1887 chun cartúin a líniú don nuachtán Aontachtach, The Union. Ionsaithe ar Ghladstone agus ar pholaiteoirí náisiúnacha faoin ainm cleite Lex is mó a rinne sé. Bhí Richard uaillmhianach agus ghlac sé ballraíocht ar choiste an Dublin Art Club agus toghadh é ina uachtarán ar an Dublin Sketching Club. Ghlac sé ballraíocht sna Másóin chomh maith. Toghadh mar bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1890. Is é a shaothar bolscaireachtúil ón mbliain 1891 Inlíochtaí Míleata atá sa Ghailearaí Náisiúnta an saothar is fearr aithne uaidh.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint