about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Mulcahy, Jeremiah Hodges

click to view fullsize



Jeremiah Hodges Mulcahy (1810-89)

Péintéir tírdhreacha, eastáit na n-uaisle go mór agus portráidí ina sheanaois.

Rugadh Jeremiah Hodges Mulcahy i Luimneach. Níl a lán sonraí ar eolas faoina shaol. Níl sé ar eolas cá bhfuair bhfuair sé a chuid oiliúna san ealaín mar shampla. Tá sé ar eolas gur chuir sé acadamh dá chuid féin ar bun i Luimneach sa bhliain 1842 chun an phéintéireacht a theagasc.

I dteannta Henry MacManus (c. 1810-78), Andrew Nicholl (1804-86) agus ealaíontóirí eile rinne Jeremiah maisiúcháin don leabhar Ireland - Its Scenery, Character le Mr & Mrs S C Hall (1841-3 Londain) - 3 imleabhair.

Tháispeáin Jeremiah a shaothar i Luimneach féin agus i mBaile Átha Cliath ón mbliain 1843 ar aghaidh leis an Royal Hibernian Academy. Rinneadh fo-bhall den acadamh de sa bhliain 1875 agus lean sé de bheith ag taispeáint leis go dtí an bhliain 1878.

Rinne a chomhaoisigh iontas mhodh oibre duaisiúil agus shíl said go raibh sé seanfhaiseanta ina tuiscint ar an bpéintéireacht tírdhreacha. Tá a shaothar Talamh Fiaigh an Churraigh sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint