about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Mullins, George

click to view fullsize



George Mullins (c. 1740-75)

Peintéir gearrshaolach tírdhreacha, portráidí agus ainmhithe a phéinteáil comharthaí agus rud ar bith eile as a bhféadfadh sé airgead a shaothrú. Oileadh agus shaothraigh sé ar feadh a shaoil uile (taobh amuigh de chorrchuairt ar Shasan) in Éirinn.

Rugadh George i mBaile Átha Cliath agus oileadh é i scoileanna an Dublin Society. Bhí James Mannin (? -1779) a ceapadh ina oide ar an Scoil Tírdhreacha agus Oirnéaladh sa bhliain 1756 ina oide aige ansin. Fuair George fostaiocht i bPort Láirge nuair a chríochnaigh sé leis an scoil. Phéinteáil sé déantáin úsaideacha gradamúla ar nós boscaí snaoise agus tráidirí ina thréimhse ansin.

D'fhill George ar Bhaile Átha Cliath agus phós bean a raibh teach tábhairne aici i mBarra an Teampaill. Phéinteáil sé tírdhreacha agus portráidí agus ghnóthaigh duaiseanna airgid ón Dublin Society sna blianta 1763 agus 1768. Ghlac sé páirt i dtaispeántas a d'eagraigh cumann na bpéintéirí dóibh féin.

Tírdhreacha agus portráidí is mó a bhí i gceist agus sheol se iad anonn chuig taispeántais an Royal Academy thall I Londain. Bhí sé féin thall i Londain sa bhliain 1770 agus stop se le Robert Carver (c. 1730-91) an péintéir tírdhreacha agus radharcra a rugadh i mBaile Átha Cliath chomh maith. Tháinig George faoi anáil Cornelius van Poelenburgh (c.1586-1667), peintéir tírdhreacha de chuid na hÍsiltíre. Bhí se de nós ag van Poelenburgh nochtanna a pheinteáil mar chuid dá radharcanna. Thóg George an nós áirithe seo anonn. Bhí an James Caulfeild, 1ú Iarla Charlemont (1728-99) ina phátrún aige agus phéinteail sé tírdhreacha clasaiceacha dá theach nua Marino House i mBaile Átha Cliath. Bhí an péintéir tírdhreacha Thomas Roberts (1749-78) ina dhalta ag George.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint