about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Mulready, William

click to view fullsize



William Mulready, (1786-1863)

Péintéir pictiúir seánra, radharcanna tuaithe i stíl Rómánsach go mór mór agus maisitheoir leabhar. Rinne sé saothair in oladhath agus in uiscedhath.

Rugadh William Mulready in Inis i gCo. an Chláir. Déantóir bríste leathair a bhí ina athair agus d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath nuair nach raibh sé ach bliain d’aois. D’aistrigh an teaghlach agus a ngnó arís sa bhliain 1792 ach chuig Soho i Londain an babhta seo. Is cosúil gur cuireadh oideachas maith ar William óg thall agus gur aithin sé féith na n-ealaíon ann féin. Rinne Mulready gach iarracht a bhunús Éireannach a choinneál faoi cheilt.

Thug an péintéir James Baynes (1766-1837) agus John Graham Gilbert (1794-1866) roinnt oiliúna dó agus fuair sé tuilleadh oiliúna ón ndealbhóir Thomas Banks (1735-1805) ina stiúideo. D’fhreastail Mulready ar scoileanna an Royal Academy sa bhliain 1800 in aois a cheithre bhliana déag dó. Aithníodh gur gur línitheoir den scoth, ón nocht go mór mór a bhí ann, bua a d’fhan leis feadh a shaoil uile.

Bhí an uiscedhathadóir John Varley (1778–1842) a raibh cáil air as a tírdhreacha agus as radharcanna ailtiriúla ina theagascóir ag Mulready i scoileanna an acadaimh. D’éirigh sé mór leis agus d’fhostaigh Varley mar chúntóir é sa scoil bheag a bhí aige ina theach féin. Chuir Mulready aithne ansin ar Elizabeth Varley (1798-1864), deirfiúr John Varley a bhí ina péintéir tírdhreacha chomh maith agus phós í sa bhliain 1803.

Bhí ceathrar mhac acu le chéile ach bhí dúil ag Mulready i mbuachaillí óga i gcónaí agus níorbh fhéidir lena bhean é seo a bhroic agus d’fhág sí é ag an deireadh.

Tírdhreacha i stíl Constable agus pictiúir le téamaí staire a chleacht Mulready i dtosach ach tháinig sé faoi thionchar David Wilkie (1785-1841) an péintéir seánra Albanach agus faoi thionchar Scoil Ísiltíre an tseachtú céad déag, na máistrí Adriaen van Ostade (1610-85) a chleacht radharcanna de shaol na dtuathánach agus Pieter de Hooch (1629-c. 1684) a chleacht pictiúir seánra intí go háirithe. Chas Mulready ar an bPéintéireacht seánra ansin agus thuill aghaidh an phobail as a thírdhreacha ina mbíonn tithe tuaithe, cineál pictiúir a shamhlaítear leis i gcónaí.

Tuairiscítear gur shaothraigh go mall agus go nglacfadh sé tamall measartha fada dó pictiúir a chríochnú. Rinne sé maisiúcháin don leabhar Tales from Shakespear (Londain, 1807) le Charles agus Mary Lamb agus leabhair eile chomh maith maille le radharcra stáitse.

Toghadh Mulready sa bhliain 1815 ina fho-bhall den Royal Academy. Bhíodh a saothar ar taispeáint sa British Institution agus an Society of British Artists chomh maith leis an acadamh. Tugadh an gradam an Légion d’honneur dó as an naoi bpictiúr a sheol sé chuig Taispeántas Idirnáisúnta Phárais sa bhliain chéanna 1815. Rinneadh lánbhall den Royal Academy de sa bhliain 1816.

D’imir Mulready tionchar ar roinnt de phéintéirí Bhráithreachas na Réamh-Rafaeilíteach nuair a bhí siad ar scoileanna an acadaimh. Bhí W. Holman Hunt (1827-1910) go háirithe buíoch as an teagasc a thug sé dó i gcónaí. Thosaigh Mulready ag baint feidhm as bunsraith bhán agus d’éirigh a phictiúir níos gile ionas go gcuirfeadh a shaothair ar nós An Mangaire Bréagán (An Gailearaí Náisiúnta) agus An Deartháir óg (Tate, Londain) saothar na Réamh-Rafaeilíteach i gcuimhne.

Dhear Mulready an stéisinéireacht don seirbhís nua poist a cuireadh ar bun sa bhliain 1840 agus bhain cáil amach dó féin dá bharr. Tugadh Stéisinéireacht Mulready air i mbéal an phobail. Fuair Mulready bás i Londain agus cuireadh i Reilg Kensal Green é. Thóg a chairde leacht ollásach os a chionn. Lean a bheirt mhac Michael (1807-89) agus William (1805-1878) conair a athar agus bhí ina bpéintéirí. Ba phéintéir é a gharmac Augustus Edwin Mulready (? – c. 1905), mac a mhic Paul Augustus.

An Pictiúr: An tSonaid (1839, An Gailearaí Náisiúnta) William Mulready

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint