about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Mulvany, Thomas James

click to view fullsize



Thomas James Mulvaney, (c. 1770-1845)

Péintéir tírdhreacha, pictiúir seánra agus portráidí agus riarthóir sa Royal Hibernian Academy.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus oileadh sna healaíona é faoi Francis Robert West (c. 1749-1809) i scoileanna an Dublin Society. Bhí a dheartháir mór John George Mulvany (1766–1838) ina phéintéir chomh maith.

Chuir Thomas James tús lena ghníomhréim san ealaín trí bheith ina phéintéir mionphictiúir cé gur iompaigh sé i dtreo tírdhreacha. Bhí sé an mbuíon ealaíontóir a bhí ar thóir acadamh ealaíne faoi chairt a bheith i mBaile Átha Cliath. Fuarthas sin sa bhliain 1823 agus bhí sé ar gceathrar ealaíontóir déag in éineacht lena dheartháir John George a chuir tús leis an Royal Hibernian Academy. Ollamh le peirspeictíocht a bhí ann san acadamh úr agus ceapadh ina choimeádaí ar an acadamh é ar ball sa bhliain 1841, post a choinnigh sé go bhfuair sé bás.

Scríobh Thomas James Life of Gandon sa bhliain 1846 beathaisnéis an ailtire James Gandon (1743-1824) le cabhair ó James Óg mac le Gandon. Scríobh sé altanna faoi phéintéirí na hÉireann chomh maith a foilsíodh san iris The Citizen.

Bhí a mhac George Francis Mulvany (1809-1869) ina phéintéir portráidí agus ina chéad stiúrthóir an an nGailearaí Náisiúnta. Bhain mac eile William Thomas Mulvany (1806-1885) cáil amach dó féin sa Ghearmáin mar innealtóir. Ailtire a bhí i mac eile John Skipton Mulvany (1813-70) an dhear na stáisiúin traenach ar an iarnród ó Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire maille le dhá chlub luamhaireachta ann.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint