about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nairn, George

click to view fullsize



George Nairn, (1799-1850)

Péintéir phortráidí d’ainmhithe den scoth ach nach bhfuil a lán ar eolas faoi. Rinne sé portráidí agus tírdhreach chomh maith óna stiúideo in Aungier Street i mBaile Átha Cliath. Tugtar taitneamh ar leith dá phortráidí de chapaill agus de mhadraí.

Péintéir bisiúil a bhí ann ach ní raibh sé de nós aige a phictiúir a shíniú agus síltear go bhfuil a lán díobh curtha i leith péintéirí eile ar nós an péintéir Sasanach ainmhithe John Ferneley (1782-1860) a chaith tréimhsí fada ag obair in Éirinn.

Thaispeáin George a shaothar leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1826 ar aghaidh agus toghadh ina fho-bhall de é. Níor bhain sé lánbhallraíocht amach riamh.

Bhí George pósta ar an bpéintéir Cecilia Margaret Campbell (1791-1857) iníon le John Henry Campbell (1757-1828) agus bhí an t-aon iníon amháin a bhí aige, Anne Langley Nairn (1828-88) ina péintéir tírdhreacha agus dearthóir earraí phoircealláin le Monarcha Bhéal Leice.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint