about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nazca

click to view fullsize

Sibhialtacht agus ealaíona na Nazca

Ardchultúr réamhcholambasach de chuid Pheiriú i nDeisceart Mheiriceá ar an gcósta a bhí a bheag nó a mhór comhaimseartha leis an gcultúr Moche agus a raibh a gcríocha ó dheas díobh. Bhí siad lonnaithe i ngleannta na hAbhann Nazca, Pisco agus Ica.

Fásann an ardchultúr Nazca aníos as an gcultúr Paracas agus baineann sé leis an tréimhse c.200 BC go c.800 A.D. mar chultúr dearscnaitheach. Bhí an Nazca faoi thionchar shibhialacht na Huari ó 800 A.D. agus rinneadh cuid d’Impireacht na n-Inceach díobh sa chúigiú céad déag A.D. ach is iad na Spáinnigh a dhíothaigh ar fad iad.

Murab ionann agus na Moche ní thréithríonn iarsmaí ailtireachta a gcultúr, tréithríonn gréithre criadóireachta agus teicstílí é. Ach is ar na gréasa agus línte ollmhóra sa ghaineamhlach a chruthaigh siad is mó ar a chuimhnítear air nuair a luaitear an cultúr Nazca.

Tá fíortha d’ainmhithe, d’éin, d’éisc agus de dhamháin alla le sonrú taobh istigh de na línte. Síltear go raibh baint ag na línte agus ag na fíortha leis an réalteolaíocht agus go ndearnadh iad le go bhfeicfeadh na déithe iad ón spéir. Tá na gréasa fíortha cosúil leis na gréasa a bhíonn ar a ngréithe criadóireachta.

Chruthaigh siad gréithe snasta polachrómacha le fíortha stílithe orthu murab ionann agus dathanna teoranta agus stíl nádúraíoch na Moche.

Fíodóiri tréitheacha a bhí iontu fosta a bhain feidhm as olann alpaca agus cadás ina bhfíodóireacht. Bhí ardscil acu i ndathú na snáithí seo a dtagann chun solais ar mhamaithe dá gcuid a caomhnaíodh in atmasféar tur triomaitheach an cheantair. Tá a fhios ó na mamaithe chomh maith go raibh ardscil acu sa mhíochaine acu ag déanamh obraídí inchinn agus eile.

Pictiúr : Línte Nazca ag léiriú Dordéan.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint