about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Neamhbheo

click to view fullsize

Seánra de phictiúir a mbíonn earraí neamhbheo ar nós bláthanna gearrtha, bia, torthaí, glasraí, luibhearnach, prócaí, gloiní, gréithe cistine agus gléasanna ceoil mar théama ann. Tháinig neamhbheonna chun cinn arís mar sheánra ar leith le linn an Renaissance agus meastar gur shroich an seánra a bhuaic in ealaíona na hÍsiltíre sa seachtú céad déag, i gcathair Haarlem ón mbliain 1620 ar aghaidh go mór mór.

Bhí meas ar neambheonna mar an seánra is ísle i gCéimse na Seánraí mar síleadh go raibh na pictiúir seo ag iarraidh na céadfaí a shásamh seachas na mothúcháin nó an intleacht. Cé go mbíonn meas ar Jean Chardin (1699-1769) péintéir de chuid na Fraince mar shárealaíontóir na neamhbheonna is i measc péintéirí na hÍsiltíre is mó a forbraíodh iad. D’ainneoin an beagmheas a bhí ar an seánra bhí agus tá ráchairt an-mhór air i gcónaí i measc an phobail. Trí siombalachas na dtéamaí bhí ealaíontóirí in ann a lán brí agus doimhneacht a chur iontu.

Ealaíontóirí na hÍsiltíre a d’ainmnigh an seánra i dtosach agus thug siadsan stilleven air, is ionann seo agus still, gan chorraí agus leven cuspa. Cuireadh an téarma os comhair an phobail sa leabhar a scríobh Arnold Houbraken De Groote Schouburgh der Nederlantsche Konstschilders en Schilderessen sna blianta idir 1718-21.

Bhí tionchar chomh mór sin ag ealaíontóirí na hÍsiltíre ar seánra an neamhbheo gur ghnách feidhm a bhaint as a lán leaganacha Olainnise do na cineálacha éagsúla neamhbheo. Eisceacht mhór de seo is ea an Vanitas Vanitatum agus an Memento Mori a thagraíonn do chineál neamhbheo a chuireann neamhbhuaine agus básmhaireacht i gcuimhne.

Ní raibh an seánra teoranta d’aon tír faoi leith san Eoraip. Thug na Gearmáinigh Stillleben ar an seánra ón Ollainnis agus thug na hIodáiligh Natura Morta nádúr marbh air. Chruthaigh an péintéir Spáinneach Luís Meléndez (1716-1780) sárshaothair ann. Is fiú a mheabhrú go raibh neamhbheonna á chleachtadh ag ealaíontóirí na Síne sa tríú céad déag agus go bhfuil ar marthain eiseamláirí díobh i bhfreascónna de dhéantús na Rómhánach. Is é an an péintéir tionscantach Paul Cézanne (1839-1906) i mó a thriall neamhbheonna sa Nuascoil.

Cineálacha neamhbheonna le hainmneacha Olainnise is ea:

Banketje: Aistí féasta a thagraíonn do phictiúr de neamhbheo ollásach de bhord clúdaithe le brat nó línéadach, bia breá, miasa gloine nó airgid agus gloiní fíona. Tá na bancketgen a rinne Abraham van Beyeren (1620-90) faoi mheas mór anois.

Bloemstilleven: Pictúir a mbíonn bláthanna gearrtha mar théama iontu.

Fruitstilleven nó Fruytjes: Pictúir a mbíonn torthaí mar phríomhthéama iontu.

Hammetjes: Pictiúir a mbíonn liamháis, caite nó leathchaite mar théama iontu.

Jachtstuk: Pictúir a mbíonn torthaí na seilge ar nós ghiorriacha nó éin mar théama iontu.

Ontbijtje: Pictiúir neamhbheo ina mbíonn béile beag mar théama ann, ní bricfeasta de réir na litreach, ach builín aráin, scadán agus gloine fíona nó beorach nó a leithéid. Tá cáil ar leith ar ontbijtje Pieter Claesz (c.1597-1661) agus Willem Claesz. Heda (1594-1680/2).

Pronkstilleven: Is ionann pronkstilleven agus ábhar neamhbheo le bia agus gréithe ollásacha ar fhorbairt é ón Banketje.

Religieus: Pictúir a mbíonn brí siombalach reiligiúnda mar théama iontu. D'fhéadfadh buidéal fíona agus conamair aráin seasamh don Eocaraist mar shampla nó d'fhéadfadh úll seasamh ar son Peaca an tSinsir.

Schijnbedrieger: Pictiúir a mbíonn sé mar sprioc acu bheith ina trompe-l'oeil. Bíonn téamaí ar nós fógraí páipéir greamaithe de chlár iontu.

Tabakjes: Pictiúir ina mbíonn tobac agus na giúirléidí ar nós píopaí a bhaineann le caitheamh an tobac.

Léaráid : An neamhbheo, Péitseoga agus próca, freascó ó chathair Herculaneum atá anois san Museo Nazionale i Napoli na hIodáile. Baineann sé le timpeall na bliana 50 R.Ch.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint