about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Neill, Henry Echlin

click to view fullsize



Henry Echlin Neill, (1888-1981)

Liteagrafóir agus péintéir tírdhreacha in oladhathanna a rugadh i mBéal Feirste. Tréithríonn tírdhreacha agus téamaí fíortha i stíl an Nádúrachais a shaothar.

Oileadh Henry sna healaíona san Belfast School of Art tar éis dó an scoil a fhágáil. Ceanglaíodh ar feadh seachta mbliana mar phrintíseach liteagrafóra ina dhiaidh sin é agus cháiligh sé ann. Bhí an liteagrafaíocht barrthábhachtach i gcúrsaí foilsitheoireachta ag an am.

Toghadh ina bhall den Belfast Art Society é sa bhliain 1912 agus ghlac sé páirt i dtaispeántais an chumainn go rialta. Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1929 ar aghaidh.

Ghlac sé ballraíocht ar choiste a bhí ag iarraidh Acadamh Ultach a dhéanamh den Belfast Art Society. Tharla sin sa bhliain 1930 agus toghadh Henry ina bhall de sa bhliain 1935. Tírdhreacha agus muirdhreacha de chóstaí Uladh is mó a bhí mar théamaí aige. Tharla a chéad taispeántas aonair an-déanach ina ghníomhréim sa bhliain 1977.

Níor éirigh Henry as an obair riamh ach choinnigh leis ag péinteáil agus teagasc go dtí go gairid roimh a bhás.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint