about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nicholl, Andrew

click to view fullsize



Andrew Nicholl, (1804-86)

Péintéir tírdhreacha in uiscedhath go mór mór agus línitheoir a rinne sceitseanna agus maisiúcháin do leabhair agus d’irisí.

Rugadh Andrew i mBéal Feirste áit a raibh a athair ina ghréasaí. Níl a lán sonraí faoin luath-shaol ar eolas taobh amuigh go raibh spéis aige san ealaín ach tá a fhios go raibh sé ina phrintíseach clódóra agus go bhfuair sé post mar chló-eagraí ar ar an nuachtán The Northern Whig nuair a bunaíodh seo sa bhliain 1824. Níl a fhios cá bhfuair sé a thraenáil san ealaín ach tuairimítear gur oil a dheartháir mór an péintéir William Nicholl (1794-1840) é.

Tírdhreacha is mó a chleacht Andrew i dtús a ghníomhréime agus maireann sraith de phictiúir a rinne de chósta Aontroim Thuaidh. Chuir Sir James Emerson Tennent spéis in Andrew agus rinne pátrúnacht air. Mhaoinigh sé é chun tréimhse fada staidéir a dhéanamh i Londain idir na blianta 1830 agus 1832 ina ndearna sé staidéar ar leith ar na pictiúir a bhí sa Dulwich Art Gallery. Tháinig sé faoi anáil shaothar Joseph Mallord Turner (1775-1851) ansin.

Samhlaítear Andrew leis an ‘tírdhreach luibheolaíoch’ go sonrach. (B’fhearr bláthphictiúr tírdhreachúil a thabhairt ar an seánra.) Bíonn bláthanna, féaranna agus luibheanna i dtulionad pictiúr de chineál seo agus bíonn tírdhreach le feiceáil sa chian-chúlra trí na luibheanna. Tuillleann na pictiúir seo mórmheas na léirmheastóirí.

Is ar Bhaile Átha Cliath a thug sé a aghaidh nuair a bhí an tréimhse seo i Londain istigh. Thosaigh sé ag taispeáint a shaothar leis an Royal Hibernian Academy agus sa Royal Academy i Londain. Rinneadh fo-bhall den Royal Hibernian Academy de sa bhliain 1837 agus lánbhall sa bhliain 1860.

Cuireadh tús leis an Dublin Penny Journal sa bhliain 1832 nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath agus bhí Andrew in am chun sceitseanna a dhéanamh don chéad eagrán de agus d’eagráin eile ina dhiaidh sin. Bhí sé mór leis na healaíontóirí George Petrie (1790-1866) agus le Henry O'Neill (1798-1880) agus d’obair sé i bpáirt leo chomh maith.

Comhfhiontar le Henry O’Neill agus le F. W. Wakeman a bhí san fhoilseachán Fourteen Views of the County of Wicklow (1835). Rinne sé roinnt sceitseanna don leabhar Picturesque Sketches of Some of the Finest Landscape and Coast Scenery of Ireland sa bhliain 1835. Foilseachán eile dá chuid féin sa bhliain 1840 ab ea The Northern Coast of Ireland ina raibh dhá liteagrafanna déag óna láimh.

I dteannta ealaíontóirí eile ar nós Henry MacManus (c. 1810-78) bhí sé ar dhuine díobh sin a rinne léaráidí ar son Ireland - Its Scenery, Character le Mr & Mrs S C Hall (1841-3 Londain) - 3 imleabhair.

Bhog Andrew anonn go Londain sa bhliain 1840 agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1846. Bhí sé gníomhach agus ghlac páirt i dtaispeántais an Royal Academy. Fuair a phátrún Sir James Emerson Tennent post dó sa scoil ealaíne i Colombo ar Oileán Ceylon sa bhliain 1846. Bhí Sir James in Rúnaí Coilíneach ann. Chuir Andrew a ainm le bunú an Belfast Association of Artists nuair a tharla sin sa bhliain 1847 d’ainneoin é féin a bheith in Ceylon. Rinne sé camchuairt oifigiúl thart ar an oileán le Sir James agus rinne sé a lán sceitseanna agus tírdhreacha in uiscedhath. Mhaisigh sé Ceylon leabhar de chuid Sir James leis na sceitseanna seo.

D’fhill Andrew ar Londain i dtosach sa bhliain 1852 roimh dhul go Baile Átha Cliath agus ar aghaidh ansin go Béal Feirste. Mhúin sé tírdhreacha a dhéanamh ansin ina chathair dhúchais. Bhí ráchairt ar a shaothar i Londain agus dhíol sé roinnt díobh leis an mbanríon Victoria. Fuair sé bás thall i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint