about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nikopoia

click to view fullsize

Cineál muirephictiúir san íocónagrafaíocht Chríostaí a chiallaíonn ‘iompróir na bua’ sa Bhun-Ghréigis. Uaireanta bíonn an t-ainm tánaisteach “Dóchas an Uile Dhuine” air. Tugtar Panhagia Nikopoia ar an samhail chomh maith, áit a chiallaíonn Panhagia ró-naofa.

Léirítear Muire sa chineál seo pictiúir mar Bhan-Impire ina suí ar ríchathaoir agus an leanbh Íosa ar a glúine. Bíonn lámh dheas na Maighdine ar ghuala Íosa agus a lámh chlé ar a ghlúine.

Tagairt do cheannaire Biosántach arbh ainm dó Nikephoros atá in ainm an chineáil seo Muirephictiúr áfach. Ar an nós an Cathach d’iompródh Nikephoros an samhail seo isteach i gcathanna chun an bua a chinntiú. Leath an Nikopoia isteach san Iarthar ó 1200 ar aghaidh go mór mór. Tugadh an Madonna in Maestà air san Iodáil.

Léaráid : Panhagia Nikopoia, an freascó is sine atá ar marthain ó Hagia Sophia i gCathair Chonstaintín. Tá sé i gcúlbhá ansin agus baineann sé le c.862 A.D.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint