about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nixon, Mima

click to view fullsize



Mima Nixon (1861-1939)

Péintéir in uiscedhathanna agus maisitheoir leabhar. Rugadh Jemima Nixon i Sasana ach áirítear mar phéintéir Éireannach í cionn is gurbh as Éirinn dá hathair agus cionn is gur chaith sí tréimhsí ina cónaí in Éirinn ag saothrú agus ag glacadh páirt i dtaispeántais abhus.

Agus í ina cónaí i Sasana ghlac Mima ballraíocht i gcumainn éagsúla ealaíne in Éirinn. Thaispeáin sí leis an Watercolour Society of Ireland idir na blianta 1893 agus 1932. Chomh maith leis sin thaispeáin sí a huiscedhathanna leis an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1894 ar aghaidh nuair a bhí cónai uirthi i gContae Bhaile Átha Cliath. Thaispeáin sí a saothar sa bhliain 1887 leis an Dublin Sketching Society agus bhí ballraíocht aici sa Belfast Art Society.

D'ainneoin ní raibh buanchónaí aici in Éirinn. Thaistil sí san Eoraip agus i dTuaisceart na hAfraice. Bhí sí i Sasana ina dhiaidh sin agus sa bhliain 1907 bhí taispeántas aonair aici leis an Fine Art Society i Londain. Bhí luí ar leith aici le gairdíní mar théama agus mhaisigh sí an leabhar Dutch Bulbs and Gardens, Una Silberrad and Sophie Lyall, Adam and Charles Black, Londain, 1909. Mhaisigh sí leabhar eile Royal Palaces & Gardens, Adam and Charles Black, 1916 agus thuill cáil buan as an dá leabhar seo. Thaispeáin sí saothair leis an Royal Academy agus an Society of Women Artists chomh maith. Fuair Mima bás i Ráth Droma, Contae Chill Mhanntáin.

An Pictiúr: Radharc ar an Acrapail ó Gháirdín an Pháláis, an Aithin, Mima Nixon ón leabhar eile Royal Palaces & Gardens, Adam and Charles Black, 1916,

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint