about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Nua-Phlaisteachas

click to view fullsize


Téarma a chum an t-ealaíontóir Ollainneach Piet Mondrian (1872-1944) féin sna 1920-idí chun cur síos a dhéanamh ar an gcineál ealaíne a bhí á tabhairt i gcrann aige féin ag an am.

Rinne sé rogha de theibíocht dhian gheoiméadrach agus shéan réalachas agus nádúrachas de chineál ar bith.

Chleacht sé féin agus deisceabail ar nós Theo van Doesburg (1883-1931) an Nua-Phlaisteachas idir 1912 agus 1920. Chum Mondrian féin an téarma Fraincise néo-plasticisme ar a leagan féin den Olainnis nieuwe beelding.

Mar théarma ginearálta baintear feidhm as chun saothar De Stijl i gcoitinne a thréithriú. Breathnaíonn na criticeoirí ar Nua-Phlaisteachas mar fhorbairt fada amach den Chiúbachas Anailíseach, atá bunaithe ar an tuairim gur féidir anailís a dhéanamh ar móitífeanna dá chasta iad le línte díreacha agus le plánaí ar comhghlasadh. D’imigh an Nua-Phlaisteachas níos faide ná sin arís tríd an stór pictiúrtha a theorannú go línte cothrománacha agus ceartingearacha, na trí dhathanna boinn - dearg, buí agus gorm agus na trí neamhdathanna - dubh, bán agus liath. Cúl a thabhairt don indibhidiúlachas ceann de na spriocanna a bhí leis.

Bhí Mondriaan ag cuartú glanréasún agus fírinne uilíoch sa phéintéireacht. Chuir sé a thuairimí síos ina leabhar De nieuwe beelding in de shilderkünst (1920). Bhí tionchar fadmharthanach ag na smaointe seo a bhí taobh thiar den Nua-Phlaisteachas agus d’imigh siad i bhfeidhm go mór ar na healaíona feidhmeacha agus ar an ndearadh tionsclaíoch ach ní dheachaidh siad chomh fada sin sa phéintéireacht.

Níorbh fhada nach raibh ach Mondrian é féin agus comhghleacaithe ar nós Burgoyne Diller (1906-65) ag cleachtadh an Nua-Phlaisteachais.

An Pictiúr: Piet Mondrian, Ceapachán

Catagóir: Buíonta, Claonta agus Fealsúnachtaí Ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint