about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Brien, Dermod

click to view fullsize



William Dermod O’Brien, (1865-1945)

Portráidí, péintéir tírdhreacha agus pictiúir seánra i stíl an acadúlachais.

Rugadh Dermod O’Brien i bhFaing Co. Luimní agus ba mhac mic é do William Smith O'Brien. Bhí an teaghlach go maith as agus cuireadh Dermod óg chuig Harrow School agus Cambridge University chun oideachas Sasanach a fháil.

Chuir Dermod spéis sa phéintéireacht agus d’imigh anonn don mhór-roinn sa bhliain 1886 nuair a bhí a chúrsaí oideachais thart. Is ar an Louvre a thug sé a aghaidh ar dtús chun staidéar a dhéanamh ar na pictiúir a bhí ina a bhailiúcháin. D’imigh sé ar aghaidh do Iodáil an bhliain dar gcionn chun tuilleadh phictiúr a bhreathnú. Tar éis seal a chaitheamh san Iodáil d’imigh sé chuig Antwerp.

Chláraigh sé san Académie Royale des Beaux Arts ansin. Bhí Karel Verlat (1824-90) mar theagascóir aige. Chaith sé achar níos faide in Antwerp ná mar a chaith ealaíontóirí eile de ghnáth. Bhí sé ceithre bhliana ann ón mbliain 1887 go dtí 1891. Bhain sé bonn sa bhliain 1890 ón acadamh ar son líníocht ón mbeo. Rinne sé an pictiúr Acadamh Míndána, Antwerp ansin.

Bhuail sé lena chara Walter Frederick Osborne (1859-1903) sa bhliain 1891 sa chathair sin. Nuair a bhí sé críochnaithe in Antwerp sa bhliain 1891 d’imigh sé ar aghaidh chuig Páras agus an Académie Julian. D’imigh Dermod ar ais chuig Sasana sa bhliain 1893 agus lean den phéintéireacht ansin. Phéinteáil sé portráidí go mór mór ag glacadh páirte i dtaispeántais an Royal Academy thall.

Bhí Dermod ar ais agus ag obair i mBaile Átha Cliath agus ar a eastát sa bhliain 1901 ag ag glacadh páirte i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy. Thóg sé áit tosaigh na portráidíochta i mBaile Átha Cliath anonn ar bhás a chara Walter Osborne. Chleacht sé portráidí acadúla ach ní raibh na tírdhreacha a rinne sé thart ar a cheantar dúchais chomh foirmeálta leo. (Lomadh na gCaorach, Dublin City Gallery The Hugh Lane).

Toghadh mar fho-bhall de Royal Hibernian Academy sa bhliain 1905 agus mar bhall sa bhliain 1907. Ceapadh mar uachtarán ar an acadamh é sa bhliain 1910 agus d’fhan sé san oifig sin go bhfuair sé bás sa bhliain 1945. Riarthóir maith a bhí ann agus chuir sé feabhas mór ar chúrsaí airgeadais an Acadaimh lena linn. Toghadh ina bhall onórach den Royal Academy i Londain é sa bhliain 1912.

Bhí spéis aige i gcúrsaí eile ar nós an talmhaíocht agus bhí sé ina uachtarán ar an Irish Agricultural Wholesale Society chomh maith. Chaitheadh sé gach geimhreadh ag péinteáil tírdhreacha go mór mór i ndeisceart na Fraince.

An Pictiúr: Acadamh Míndána, Antwerp, Gailearaí Náisiúnta

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint