about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Brien, James George

click to view fullsize



James George O’Brien, (fl. 1779-1819)

Péintéir tírdhreacha, a lán acu in uiscedhath.

Níl a lán de na sonraí faoi cinnte ach síltear gurbh as Cill Chainnnigh dó. Níl bliain a bheirthe cinnte ach oiread agus tuairimítear gur rugadh é timpeall na bliana 1760. D’fhreastail sé ar aon nós ar scoileanna an Dublin Society agus bhain bonn ar son a iarrachtaí i bpéinteáil tírdhreacha ann sa bhliain 1779. Thaispeáin sé roinnt tírdhreacha agus radharcanna de Chill Chainnigh leis an Society of Artists an bhliain dar gcionn.

Is cosúil go ndeachaidh sé ar ais chuig Cill Chainnigh ar feadh tamaill sula ndeachaidh sé chun cónaí i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1785. Bhog sé go Londain nuair a tharla an tÉirí Amach sa bhliain 1798 ag seachaint na corraíle sa tír.

D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1801. Thaispeáin sé a shaothar i dTeach na Pairliminte ar Fhaiche an Choláiste a bhí díomhaoin tar éis Act an Aontais. Thriall James George an sloinne nua Oben ag dúil go mbeadh níos mó meas ar eachtrannach ná ar dhuine de bhunadh na tíre. Ní raibh éinne meallta áfach agus bhain sé feidhm as a ainm dílis féin in éineacht leis an sloinne nua.

Chleacht James George tírdhreacha de Dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath go mór mór agus chuir i gcrích iad i stíl dhuaisiúil nár thaitin lena chomhphéintéirí is cosúil. Ócáid mhór dó a bhí sa taispeántas de thírdhreacha de raharcanna ó Éirinn, ón mBreatain Bheag agus ó Shasana a reáchtáil sé ina theach féin sa bhliain 1809.

D’ardaigh sé a sheolta arís ina dhiaidh sin agus thriall ar Londain áit ar thaispeáin sé leis an Royal Academy idir na blianta 1810 agus 1816. Níl a fhios cad a tharla dó ina dhiaidh sin taobh amuigh de thuairisc amháin a thugann le fios go raibh sé beo fós sa bhlain 1819. Tá saothar óna láimh Tírdhreach le Sléibhte (1806) sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint